Foclach (Wordle)
Is cluiche focal ar líne é Wordle, nó Foclach as Gaeilge.[1] Is éard atá ann ná tábla atá cosúil le gréasán sudoku ina gcaithfidh an t-imreoir focal an lae a thomhas chun an cluiche a chríochnú.[2]
Cineál | cluiche brabhsálaí |
---|---|
Bunleagan | |
Seánra | word video game (en) agus letter game (en) |
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe |
Múnla gnó | saorimirt |
Ar fáil sa | |
Eapainm | focal agus Josh Wardle |
Cuid de | The New York Times Games (en) |
Saintréithe teicniúla | |
Ardán | brabhsálaí Gréasáin |
Modhanna | físchluiche d'imreoir aonair |
Formáid | leathanach gréasáin |
Gléas ionchuir | méarchlár agus luchóg |
Foireann | |
Forbróir(í) | Josh Wardle |
Eagarthóir | The New York Times |
Dáileoir | The New York Times |
Ríomhchláraitheoir | Josh Wardle |
Tuilleadh eolais | |
Láithreán Gréasáin | nytimes.com… (Béarla) |
MobyGames | wordle_ |
CA. Subreddit | wordle |
| |
Rialacha
cuir in eagarBíonn 6 sheans ag an imreoir focal ina bhfuil 5 litir a aimsiú. Má chuirtear an litir cheart san áit cheart, cuirtear tíl ghlas taobh thiar di.
Má bhíonn an litir cheart san áit mhícheart, is tíl oráiste a leagtar taobh thiar di. Ach mura a bhfuil an litir san fhocal ar chor ar bith, is dath liath a bhíonn taobh thiar di.[3]
Stair
cuir in eagarChruthaigh Josh Wardle ón mBreatain Bheag an cluiche sa bhliain 2021. Innealtóir bogearraí ab ea Josh, agus chum sé an cluiche mar bhronntanas dá bhean. Chuir siad amach an cluiche go poiblí ina dhiaidh sin.
Cúpla mí ina dhiaidh sin, cheannaigh an New York Times an cluiche ar níos mó ná milliún dollar. ‘Scéal grá’ a thug an New York Times ar scéal an chluiche.[2] Níorbh fhada go raibh leaganacha den chluiche á ndearadh i mórtheangacha eile na cruinne – an Fhraincis, an Spáinnis, agus an Ghearmáinis ina measc.
Tá an-tóir ar Wordle ar fud an domhain ó bhí 2021 ann, agus is minic go roinneann daoine a gcuid torthaí ar na meáin shóisialta, Twitter go háirithe.
Gaeilge
cuir in eagarSa bhliain 2022, chruthaigh Linda Keating leagan Gaeilge den chluiche, dar teideal 'Foclach'. Tógadh liosta na bhfocal Gaeilge ón liosta de na focail is coitianta i nGaeilge, le Michal Měchura.[4][5] Tá an cluiche ar fáil ar líne.[6][7]
Sanasaíocht
cuir in eagarNí téarma nuachumtha é ‘foclach’. Go deimhin, tá an téarma le fáil i bhfoclóir Phádraig Uí Dhuinnín a foilsíodh beagnach 120 bliain ó shin.[3]
Déantar cur síos ar an bhfocal ar An Foclóir Beag mar seo: aid1, a úsáideann an iomarca focal. Ar na comhchiallaigh a luaitear leis an bhfocal ar An Phota Focal tá: briathrach, fadchainteach, fadálach, teangach, agus fiú leadránach.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Ciara O'Loughlin (3 Feabhra 2022). "‘It’s filling people with joy’: Irish woman creates Foclach, the Irish version of Wordle" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-02-09.
- ↑ 2.0 2.1 Bridget Bhreathnach (3 Fea 2022). "Táimid go léir dúghafa le Wordle na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-02-09.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 NÓS (28ú Nollaig 2022). "Focal Gaeilge na Bliana 2022 roghnaithe" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-28.
- ↑ Irish word frequency ar github.com/michmech
- ↑ Líonra Séimeantach na Gaeilge le Kevin Scannell
- ↑ "Foclach" (ga). foclach.com. Dáta rochtana: 2022-02-08.
- ↑ Éist léi faoi agallamh ag Áine Ní Bhreisleáin ar Raidió Na Gaeltachta.. "An cluiche Foclach : Linda Keating" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-02-08.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs féidir Foclach a imirt anseo.