France Prešeren

file náisiúnta na Slóivéine

File náisiúnta na Slóivéine is ea France Prešeren (2/3 Nollaig 18008 Feabhra 1849).[1]

Infotaula de personaFrance Prešeren

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Nollaig 1800
Vrba Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Feabhra 1849
48 bliana d'aois
Kranj Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, dlíodóir, file dlíodóra Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtRómánsachas
Faoi thionchar
TeangachaAn tSlóivéinis agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAna Jelovšek Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteErnestina Jelovšek
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: fb5b7272-35cd-4aa8-bf1f-4637d0ff194d IMSLP: Category:Prešeren,_France Find a Grave: 7609860 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Bhí Prešeren ina dhlíodóir cúnta amháin ar feadh beagnach 20 bliain, mar measadh gur radacach polaitiúil agus saorsmaointeoir a bhí ann. https://gd.wikipedia.org/wiki/France_Pre%C5%A1eren

 

D'ainneoin gur mhian lena mháthair go ndéanfadh Prešeren Óg staidéar ar an sagartacht, thug sé faoi staidéar an dlí in Ollscoil Vín.

Bhain Prešeren céim sa dlí amach sa bhliain 1828. Bhí sé ag obair mar dhlíodóir cúnta ar feadh beagnach fiche bliain; dhiúltaigh na húdaráis Hapsburg d'iarratais líonmhara a rinne sé a chleachtadh féin a chur ar bun, toisc gur measadh gur radacach polaitiúil agus saorsmaointeoir a bhí ann. Fiú le linn na mblianta beaga ar tugadh cead dó cleachtadh go neamhspleách, ní raibh rath air—go pointe áirithe, deirtear, toisc go raibh sé ina ionadaí saor in aisce do chliaint bhochta go minic.

Bhí saol míshona ag Prešeren tríd is tríd. Chomh leis na mbac a a cuireadh ar a dhul chun cinn gairmiúil, ba alcólach déanta é, a raibh sé de nós aige a bheith i ngrá go míshásta agus mhair sé i ndiaidh an chuid is mó dá chairde (fuair duine acu bás ina bhaclainn aige, sa bhrí litriúil).

Mar sin féin, ghnóthaigh a oidhreacht liteartha stádas an fhile náisiúnta sa tSlóivéin dó.

Trom ar an ól, bhuail galar ae é agus d'éag Prešeren ar an 8 Feabhra 1849.

Tiomchar cuir in eagar

Tháinig focail an amhráin náisiúnta reatha óna dhán Zdravljica ('Sláinte'). Is lá saoire poiblí é an 8 Feabhra (Prešernov dan). In ómós do Prešeren a ainmníodh duaiseanna cultúrtha is airde de chuid an náisiúin.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "France Prešeren" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  2. Hein Jaap Hilarides (Aistriúchán: Peadar Ó Ceannabháin). "HAADSTIK I". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-09. Dáta rochtana: 2021.