Fromage frais
Is ábhar a dhéantar de bhainne é fromage frais (air a ghlaoitear fromage blanc agus maquée freisin). Is sa Bheilg agus tuaisceart na Fraince a rinneadh ar dtús é. 'Séard is brí le fromage frais ná cáis úr. (Ciallaíonn fromage blanc "cáis bhán").
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cáis |
Príomh-chomhábhair | gruth |
Is ar éigin atá saill ar bith le fáil i bhfromage frais. Cumasctar uachtar leis go minic chun an blas a fheabhsú agus méadaíonn sé sin an mhéid saille a bhíonn ann. Scaití, bíonn an mhéid saille chomh ard le 8% den toirt iomlán.
Is féidir fromage frais a ithe mar iógart, de ghnáth le torthaí cumaiscthe leis, nó é a bheith mar chuid de bhia neamh-mhilis.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |