Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022


Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 ar 3 Lúnasa 2022 nuair a rinne Iosrael ionsaí réamhchoisctheach ar Jiohád Ioslamach na Palaistíne[1] (an PIJ).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
Íomhá
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGaza–Israel conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse5 - 7 Lúnasa 2022
Dáta na blianaLúnasa 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhStráice Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne agus Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocTayseer Jabari (en) Aistrigh agus Palestinian Islamic Jihad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Imeachtaí cuir in eagar

Ar' 2 Lúnasa 2022, gabhadh Bassam al-Saadi, ceannaire áitiúil de chuid an PIJ, i Jenin,[2]

Trí lá níos déanaí, ar 5 Lúnasa, bhí sé fógartha ag an Aire Cosanta Benny Gantz ar Jiohád Ioslamach go raibh "a ré caite." Mar sin, bhí leid tugtha ag Rialtas Iosrael go rabhthas ar shéala fogha a thabhairt faoi Ghaza.[3]

píolóta ag déanamh a chás mar chosaint
ullmhúcháin

I ngníomh' réamhchoisctheach' eile, maraíodh Tayseer al-Jabari, ball sinsearach den ghrúpa PIJ, de bharr ruathar na nIosraelach. Scaoileadh diúracáin ó scairdeitleáin le bloc árasán i gCathair Ghaza. Dúirt an IDF go raibh Tayseer freagrach as iliomad ionsaithe sceimhlitheoireachta ar shibhialtaigh Iosraelacha. Rinneach damáiste comhthaobhach. Maraíodh seachtar ar a laghad, cailín Palaistíneach cúig bliana ina measc.[3] Feallmharaíodh Tisir Jabari, ceannaire eile in ionsaí eile.

dianghlasáil in Gaza

Mar fhreagra, scaoil Jiohád Ioslamach na céadta roicéad le lonnaíochtaí in Iosrael. Níor maraíodh éinne.

Bhí srianta le cois curtha ag na hIosraelaigh ar mhuintir Ghaza. Ní raibh cead ag daoine breoite a bhfuil coinní ospidéal acu ná daoine a bhfuil pasanna oibre acu an iamhchríoch a fhágáil. Bhí cosc freisin ar bhreosla a thabhairt isteach ann. Bhí an t-aon ionad ginte cumhachta i nGaza díomhaoin de cheal breosla ar 6 Lúnasa.[4]

Rinneadh na hÉigiptigh eadráin idir na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach. Ar 7 Lúnasa, cuireadh i ngníomh sos comhraic idir iad agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne. An lá dár gcionn, ligeadh leoraithe lán breosla isteach i ndeisceart Ghaza.[5]

Iarmhairtí cuir in eagar

Dúirt na húdaráis i nGaza gur maraiodh 44 duine - cúig pháiste dhéag ina measc - agus gur donaíodh 360 de bharr ionsaithe buamála na nIosraelach ar an limistéar Palaistíneach idir 5-7 Lúnasa.

Ionsaithe eile cuir in eagar

Bhí ruathair á dtabhairt mórán gach uile lá ag na hIosraelaigh faoin mBruach Thiar idir Máirt-Lúnasas agus iad ag féachaint le baill den eagraíocht mhíleata Jiohád Ioslamach na Palaistíne a ghabháil nó a mharú.

Ar 9 Lúnasa, mharaigh na na hIosraelaigh beirt bhall den eagraíocht mhíleata dá ngairtear Briogáid Mhairtírigh Al-Aqsa i dteach sa chathair Nablus ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha; bhí duine de cheannasaithe na heagraíochta Ibrahim al-Nabulsi ar dhuine acu.[6] In iomlán, maraíodh triúr (nó níos mór) agus gortaíodh breis is 70 duine nuair a thug fórsaí Iosrael ruathar faoi Nablus.

Chaith ógánaigh Phalaistíneach clocha le saighdiúirí Iosrael le súil eang a chur sa roth acu, mar is iondúil (dála chás an leoin agus na luiche) [6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Islamic Jihad Movement in Palestine" (as en) (2022-08-08). Wikipedia. 
  2. "With Islamic Jihad Leader's Arrest, Israel Stops West Bank Threat but Risks Another in Gaza" (en). Haaretz. Dáta rochtana: 2022-08-09.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-08-05). ""Cailín óg i measc na marbh de bharr ionsaithe Iosrael ar Ghaza"" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2022-08-09). "Triúr Palaistíneach maraithe, 70 gortaithe ar an mBruach Thiar" (as ga-IE).