Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021

Thosaigh an ghéarchéim Iosrael-Palaistín ar 6 Bealtaine 2021 nuair a bhris caismirtí amach idir lucht agóide agus póilíní i gcathair Iarúsailéim.[1] Ar dtús, bhí na Palaistínigh sa chathair ag cur in aghaidh plean daoine a chur amach as a dtithe agus iad a thabhairt do Ghiúdaigh.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
Íomhá
Cineálcoinbhleacht eitneach
coinbhleacht armtha
tarlú
ainriail shibhialta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli–Palestinian conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse6 - 21 Bealtaine 2021
Dáta na bliana2021 Cuir in eagar ar Wikidata
2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSouthern Levant (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírIosrael agus Stát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leisinternational reactions to 2021 Israel–Palestine crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna300 Palaistínigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe > 1,600
592 Israelis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
376 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Croineolaíocht
2021 Lod riots (en) Aistrigh
Operation Guardian of the Walls (en) Aistrigh
Jerusalem riots (2021) (en) Aistrigh
2021 Acre riots (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Léirscrios i lár Gaza, 15 Bealtaine 2021

Lean an chogaíocht idir Iosrael agus Hamas (míleataigh Phalaistíneacha) go dtí 21 Bealtaine, nuair a tháinig sos cogaidh fós i bhfeidhm.

Páiste a fuair bás, Gaza, 14 Bealtaine 2021

1. Coilíniú agus agóidí cuir in eagar

Tharla caismirtí, cóngarach do mhosc Al-Aqsa i gcathair Iarúsailéim, ar 6 Bealtaine. Bhí teannas sa chathair toisc go raibh sé beartaithe teaghlaigh Phailistíneacha a aslonnú as a dtithe cónaithe, ionas gur féidir lonnaíocht a chruthú do áitritheoiri Ghiúdacha.[3]

Ina theannta sin, bhí comóradh á dhéanamh ag Iosrael ar an seilbh a ghlac sé ar 10 Bealtaine 1967 ar chuid d'Iarúsailéim, Lá Iarúsailéim, le linn an chogaidh Iosrael-Arabach 1967.

2. Ionsathe roicéid agus aerbhuamáil cuir in eagar

Maraíodh cúpla Iosraelach de bharr ionsaithe roicéad ar 10 Bealtaine, a rinne Hamas ar chathair Aiscileon i ndeisceart Iosrael agus áiteanna eile sna laethanta ina dhiaidh.[2]

Thosaigh eitleáin chogaidh le hIosrael ag scaoileadh buamaí anuas ar Gaza, ag rá gur mílisteoirí Hamas an sprioc atá acu. Scaoil eitleáin Iosrael diúracáin le foirgnimh i limistéar Ghaza. I measc na n-ionsaithe, bhí foirgnimh, ina mbíodh na meáin idirnáisiúnta ag cur fúthu i gcathair Gaza, scriosta ag eitleáin chogaidh Iosrael (tugadh foláireamh uair a chloig sular scaoileadh na buamaí).[4]

Ar an 14 Bealtaine, bhí an túr Jalal, an túr is mó, scriosta ag aerfhórsa Iosrael. Dúirt Iosrael go mbíodh Hamas ag feidhmiú ón bhfoirgneamh go rialta; bhí sé seo séanta ag an té a mba leis an foirgneamh. Foirgneamh é seo ina mbíodh iriseoirí AP chomh maith le hiriseoirí ó Al Jazeera.

Bhuail eitleáin Iosrael sé ospidéal i nGaza chomh maith agus bhí géarghanntanas leapacha ann.[5]

Obráid "Guardian of the Walls"ː léirscrios ainsrianta. Foinseː an t-arm Iosraelach

Dhún Iosrael na pointí trasnaithe teorann go léir timpeall Gaza. Ganntanas bia agus breosla a bhí ann i nGaza dá bharr.[6] (Tá smacht ag Iosrael ar sholáthar bia, ar sholáthar aibhléise, agus ar sholáthar uisce na bPalaistíneach i nGaza).[7]

Tháinig sos cogaidh fós i bhfeidhm i nGaza ar 21 Bealtaine 2021. I ráiteas ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael, ghabh an rialtas buíochas leis na Stáit Aontaithe as a tacaíocht leanúnach agus chuir Iosrael an milleán iomlán ar mhílistigh de chuid Hamas as na mílte roicéad a scaoileadh le Iosrael.[8]

Obráid "Guardian of the Walls". Scaoil eitleáin Iosrael diúracáin le foirgnimh i limistear Ghazaː bolscaireacht a chuir an IDF, airm Iosrael amach
tolláin faoi thalamhː bolscaireacht a chuir an IDF, airm Iosrael amach

Iarmhairtí cuir in eagar

obráidí i lár na hoíche

Idir 6-21 Bealtaine, maraíodh 12 Iosraelach, ina measc saighdiúir amháin. Ar an taobh eile, maraíodh 248 Palaistíneach, 66 páiste san áireamh.[9] (Ar an 14 Bealtaine, maraíodh deichniúr as teaghlach amháin).[4]

Dúirt oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh 80,000 duine díláithrithe i nGaza mar gheall ar an gcogaíocht a bhí ar bun sa cheantar ar feadh coicíse.

 
agóidí ar fud an domhain
cogaíocht ar muir le linn Obráid "Guardian of the Walls". Foinseː an cabhlach Iosraelach

Ar 21 Bealtaine, bhí 50 leoraí le soláthairtí fóirithinte, bia agus leigheas ina measc, scaoilte isteach i nGaza agus trasbhealach teorann Kerem Shalom leath oscailte arís.[10]

Lean caismirtí ar aghaidh idir phóilíní Iosrael agus lucht agóidíochta a bhí ag caitheamh clocha taobh amuigh de mhosc Al-Aqsa in Iarúsailéim. Bhí cúrsaí fós an-leochaileach ann.[10]

Cáineadh idirnáisiúnta cuir in eagar

Bhí achainí déanta go hidirnáisiúnta go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean sa cheantar.

Bhí Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe i mbun cruinnithe éigeandála féachaint le réiteach a fháil ar an bhforéigean. Ach chuir rialtas SAM bac ar ráiteas ag iarraidh ar Iosrael agus Hamas a gcúl a thabhairt don fhoréigean.

Dúirt Uachtarán na Stáit Aontaithe, Joe Biden, go raibh an ceart ag Iosrael é féin a chosaint. Cuireann na Stáit Aontaithe bac ar aon rún lena dtacaítear leis an Phalaistín nó aon rún i gcoinne Iosrael.[7]  

Dúirt rialtas na Gearmáine go raibh Iosrael ag iarraidh cosaint a dhéanamh air féin.[11] Ag an am céanna, bhí meáin áirithe ag iarraidh orainn a chreidiúint gurb iad na Palaistínigh an dream ionsaitheach agus an pobal bagrach agus nach bhfuil Iosrael ach dá chosaint féin.[7]

Bhí suíochán ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe ag Éirinn ag an am. Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go mba uafásach an ní é gur maraíodh páistí chomh hóg le 6 mhí, le linn na buamála ar Gaza.[12] Cháin sé Hamas chomh maith as a bheith ag scaoileadh roicéid le pobal Iosrael, ach dúirt go raibh ionsaithe Iosrael marfach agus do-ghlactha. D'iarr sé go ngairmfí sos lámhaigh láithreach.

Dúirt an tUachtarán Higgins go dtuigeann pobal na tíre seo go rí-mhaith a bhfuil ag tarlú thall ansin agus go bhfuil an díshealbhú ina chnámh spairne i stáit chomh mór anois agus a bhí sé aimsir an ghorta sa tír seo.[13]

Ar 22 Bealtaine, d'fhreastail breis is 1,000 ar agóid ag Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath chun tacú le muintir na Palaistíne i Gaza.[14]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2021-05-09). "Na scórtha gortaithe i tuilleadh caismirtí in Iarúsailéim" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-05-11). "26 Palaistíneach, beirt Iosraelach maraithe sa Mheánoirthear" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2021-05-09). "Na scórtha gortaithe i tuilleadh caismirtí in Iarúsailéim" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Foirgneamh ina raibh na meáin idirnáisiúnta scriosta ag Iosrael" (as ga). 
  5. Elisabeth Mahase (2021-05-20). "Gaza: Israeli airstrikes kill doctors and damage healthcare facilities" (as en). BMJ 373: n1300. doi:10.1136/bmj.n1300. ISSN 1756-1833. 
  6. Nuacht RTÉ (2021-05-10). "Suas le 180 duine gortaithe in Iarúsailéim de bharr caismirtí" (as ga). 
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Seán Ó Muireagáin (2021). "‘Is cúis chóir cheart í cúis na bPalaistíneach – seasaimis leo!’" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-05-23.
  8. Nuacht RTÉ (2021-05-23). "Achainí déanta go gcloifí go docht leis an sos cogaidh i Gaza" (as ga). 
  9. "Israel and Hamas both claim victory as ceasefire holds". Reuters (2021-05-20). Dáta rochtana: 2021-05-23.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2021-05-22). "Sos cogaidh fós i bhfeidhm i Gaza" (as ga). 
  11. Deutsche Welle (www.dw.com). "Germany stands by Israel — despite the Holocaust, and because of the Holocaust | DW | 14.05.2021" (en-GB). DW.COM. Dáta rochtana: 2021-05-23.
  12. Nuacht RTÉ (2021-05-16). "40 duine marbh i Gaza;an líon is mó ó thús na cogaíochta" (as ga). 
  13. Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Tagairt ag an Uachtarán don Mheánoirthear ina aitheasc Gorta" (as ga). 
  14. Nuacht RTÉ (2021-05-22). "1,000 duine ag agóidíocht i mBÁC ag tacú le muintir na Palaistíne" (as ga). 
  15. "An Cás i nGaza agus in Iosrael – Cad é seasamh na hÉireann? - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-05-23.