Gaeil Fhánada

club CLG i gContae Dhún na nGall

CLG Gaeil Fhánada suite i leithinis Fhánada ar an taobh ó thuaidh de chontae Dhún na nGall ag cur peil Ghaelach ar fáil do cheantracha Fánaid, An Cheathrú Chaol, agus Gleann Bhairr chomh fada le Leahardan in aice le Ráth Maoláin.

Tá an club ag freastal ar fhoirne faoi 8, 10, 12,14,16,18 agus 21. Chomh maith le seo tá foirne na gcailiní faoi 12, 14 agus 16. Tá foireann sinsir agus foireann tacaíochta againn fósta. Bíonn traenáil ar siúl do na foirne éagsúla i bPort an tSalainn agus i dTraigh a locha agus tá béim mhór ar an chultúr tríd páirt a ghlacadh sna comórtaisí scór, áit a bhfuil cuid mhór gradaim buaite againn síos fríd na blianta. Bhuaigh an club an craobbh idirmhéanach sa bhliain 2009.

Bhain foireann na bhfear craobh shóisearach Comórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2013 sa Rinn i bPort Láirge.

Cuireadh tús le hathnuachan na páirce peile i bPort an tSalainn roinnt blianta ó shin agus fosclófar é gan tuilleadh moille d'fhoirne Ghaeil Fhánada.

Faoi láthair (2017) tá foireann na bhfear i Roinn a Trí.

Tagairtí cuir in eagar