Mí-ord ainsealach sa chnámharlach fásta nach eol a chúiseanna. Corraíonn sé gnáthfhás is gnáthathshuíomh. Ainmníodh as an máinlia Sasanach James Paget (1814-1899) é. Tagann cnámha áirithe le bheith róchailcthe dlúth, cnámha eile díchailcthe briosc. Bíonn pianta ag an duine sna cnámha corraithe agus claonadh acu briseadh. Uaireanta bíonn athruithe ailseacha sna cnámha.