Gearóid Mac Lochlainn

file Éireannach

Is file é Gearóid Mac Lochlainn a rugadh i mBéal Feirste. Tá clú idirnáisiúnta ar a chuid filíochta.[1]

Gearóid Mac Lochlainn
Saol
Eolas breitheBéal Feirste, 1967 (55/56 bliain d’aois)
Gairm
Gairmfile

SaolCuir in Eagar

Níl Gaeilge ag Mac Lochlainn ón gcliabhán. D'fhoghlaim sé méid éigin Gaeilge ar an mbunscoil agus ansin thosaigh sé ag foghlaim na teanga ar Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna in iarthar Bhéal Feirste agus é aon bhliain déag d'aois. Níos déanaí, ghlac sé post mar fhile cónaithe in Ollscoil Uladh, post atá á roinnt le hOllscoil na Ríona. Féachann sé ar an nGaeilge mar phróiseas foghlama fós.[2] Deir sé faoin nGaeilge: ""glaonn sí ort, ní féidir a seachnadh, bíonn sí i gcónaí ar foluain os do chionn."[3]

Ba é Babylon Gaeilgeoir a chéad chnuasach filíochta. Sa réamhrá, dúirt an file iomráiteach Cathal Ó Searcaigh go raibh sé 'ag séideadh anáil bheo na n-óg isteach i seanscamhóga na Gaeilge, ag cur an fhuil a choipeadh arís ina cuislí, ag cur fonn súirí uirthi i dtearmann an dáin'.

Bhuaigh Sruth teangacha / Stream of tongues Duais Michael Hartnett, Duais an Bhuitléaraigh (ón bhForas Gael-Mheiriceánach) agus Duais Eithne agus Rupert Strong.[4]

Dar le beo.ie, "Tá rithimí an rap agus hip-hop chomh maith le jigeanna agus ríleanna le cluinstin ina chuid véarsaí. Is léiriú iad a chuid dánta ar an cheol atá taobh istigh de féin. Fear cúthail agus modhúil é Gearóid, a tógadh i gclann a cheol sular labhair siad. Nuair a amharcann tú air, is follasach go bhfuil ceol inmheánach á oibriú i gcónaí."[5]

FilíochtCuir in Eagar

  • Sruth Teangacha/Stream of Tongues (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
  • Na Scéalaithe (Coiscéim, 1999)
  • Babylon Gaeilgeoir (An Clochán, 1997)

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar