An Ghearmáin Thoir
Tír i Lár na hEorpa a bhí ann óna bunú ar an 7 Deireadh Fómhair 1949 go dtí a hathaontú leis an nGearmáin Thiar ar an 3 Deireadh Fómhair 1990 ab ea An Ghearmáin Thoir (Gearmáinis: Ostdeutschland), nó go hoifigiúil Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine (Deutsche Demokratische Republik, nó DDR). Uaireanta tugtar “Iarthar na Gearmáine” air i nGaeilge freisin. Go dtí 1989, breathnaíodh air go ginearálta mar stát cumannach, agus rinne sí cur síos uirthi féin mar “stát sóisialach an lucht oibre agus na dtuathánach”.[1] Bhí geilleagar na tíre pleanáilte go lárnach agus bhí sé faoi úinéireacht an stáit.[2] Cé go raibh ar an DDR cúiteamh cogaidh substaintiúil a íoc leis na Sóivéadaigh, ba é an geilleagar is rathúla i mBloc an Oirthir.[3]
An Ghearmáin Thoir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Deutsche Demokratische Republik (de) | |||||
|
|||||
Aintiún | Auferstanden aus Ruinen (1949-1990) | ||||
Mana | «A oibrithe an domhain, aontaígí!» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | an Ghearmáin Thiar (–1972) | ||||
Príomhchathair | Beirlín Thoir | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 16,111,000 (1990) | ||||
• Dlús | 148.93 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghearmáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 108,179 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an Reich Gearmánach, Soviet occupation zone of Germany (en) agus Allied Control Council (en) | ||||
Cruthú | 7 Deireadh Fómhair 1949 | ||||
Díscaoileadh | 3 Deireadh Fómhair 1990 agus 1989 | ||||
Á leanúint ag | an Ghearmáin agus stáit nua de chuid na Gearmáine | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | deachtóireacht chumannach, poblacht pharlaiminteach agus poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Comhairle Airí na Gearmáine Thoir | ||||
Comhlacht reachtach | Volkskammer | ||||
• Uachtarán na Gearmáine Thoir | Wilhelm Pieck (1949–1960) | ||||
• Ceannaire an rialtais | Otto Grotewohl (1949–1964) Willi Stoph (1964–1973) Horst Sindermann (1973–1976) Willi Stoph (1976–1989) Hans Modrow (1989–1990) Lothar de Maizière (1990–1990) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | marg na Gearmáine Thoir | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .dd | ||||
Glaochód | +37 | ||||
Cód tíre | DD |
Sular bunaíodh í, bhí críocha na tíre á riaradh agus faoi smacht fórsaí Sóivéadacha de réir théarmaí Forógra Bheirlín ar an 5 Meitheamh 1945 a chuir deireadh le flaithiúnas na Gearmáine tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Le Comhaontú Potsdam ar an 1 Lúnasa 1945, bunaíodh an crios Sóivéadach, le líne Oder-Neisse mar theorainn leis an bPolainn san oirthear. Stát spleách de chuid an Aontais Shóivéadaigh a bhí ann.[4] Bhí an DDR faoi smacht Pháirtí Aontachtach Sóisialach na Gearmáine, páirtí cumannach, ó 1949 go 1989, sula ndearnadh daonlathú agus liobrálú air faoi thionchar Réabhlóidí 1989 in aghaidh na stát cumannach, rud a chuir dlús le hathaontú na Gearmáine Thoir leis an Iarthar.
Ó thaobh tíreolaíochta de, bhí an Ghearmáin Thoir suite idir Muir Bhailt ó thuaidh, an Pholainn ar an taobh thoir, an tSeicslóvaic ar an taobh thoir theas, agus an Ghearmáin Thiar ar an taobh thiar agus thiar theas. Taobh istigh den tír, bhí teorainn freisin leis an limistéar Sóivéadach i mBeirlín, ar a dtugtaí Beirlín Thoir, príomhchathair de facto na tíre. Bhí teorainn aici freisin leis na trí limistéar a bhí i seilbh na Stát Aontaithe, na Ríocht Aontaithe, agus na Fraince ar a dtugtaí le chéile Beirlín Thiar (cuid de facto den Ghearmáin Thiar). Fadhb shuntasach ab ea an eisimirce chuig an Iarthar toisc gur dhaoine óga oilte iad go leor de na heisimircigh; lagaigh a leithéid d'eisimirce cúrsaí eacnamaíochta sa stát. Mar fhreagra air sin, dhaingnigh rialtas an DDR na teorainneacha seo, agus níos déanaí thóg sé Balla Bheirlín in 1961.[5] Mharaigh na gardaí teorann agus bobghaistí ar nós mianach talún go leor daoine a rinne iarracht teitheadh ó Bheirlín Thoir.[6][7][8][9]
Sa bhliain 1989, mar thoradh ar fhórsaí sóisialta, eacnamaíochta, agus polaitíochta sa DDR agus thar lear, ina measc na hagóidí síochánta a thosaigh i Leipzig, leagadh Balla Bheirlín agus bunaíodh rialtas nua a bhí tiomanta don liobrálú. An bhliain dár gcionn, reáchtáladh toghchán saor agus cothrom sa tír.[10] Mar thoradh ar chaibidlíocht idirnáisiúnta idir ceithre cinn de thíortha na gComhghuaillithe agus dhá thír Ghearmánach, síníodh an conradh um an Socraíocht Deiridh maidir le stádas agus teorainneacha na Gearmáine Athaontaithe a bhí le teacht, conradh a tháinig in ionad Chomhaontú Potsdam.Tháinig deireadh oifigiúil leis an nGearmáin Thoir nuair a chuaigh a cúig stát (“Länder”) i gcomhar le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine faoi Airteagal 23 den Dlí Bunúsach, agus athaontaíodh Beirlín Thoir le Beirlín Thiar mar chathair amháin de chuid na Poblacht Cónaidhme, ar an 3 Deireadh Fómhair 1990. Cuireadh an dlí ar roinnt ceannairí de chuid na Gearmáine Thoir níos déanaí, go háirithe an ceannaire cumannach deireanach Egon Krenz, mar gheall ar chionta a rinne siad le linn aimsir an DDR.[11][12]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Major, Patrick (2002). "The Workers' and Peasants' State: Communism and Society in East Germany Under Ulbricht 1945–71". Manchester University Press. ISBN 978-0-7190-6289-6.
- ↑ Peter E. Quint. The Imperfect Union: Constitutional Structures of German Unification, Princeton University Press, 2012, pp. 125–126.
- ↑ "German Democratic Republic: long history of sustained economic growth continues; 1989 may be an advantageous year to consider this market - Business Outlook Abroad: Current Reports from the Foreign Service". Business America (1989-02-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Samhain 2007.
- ↑ Karl Dietrich Erdmann, Jürgen Kocka, Wolfgang J. Mommsen, Agnes Blänsdorf. Towards a Global Community of Historians: the International Historical Congresses and the International Committee of Historical Sciences 1898–2000. Berghahn Books, 2005, p. 314. ("However the collapse of the Soviet empire, associated with the disintegration of the Soviet satellite regimes in East-Central Europe, including the German Democratic Republic, brought about a dramatic change of agenda.")
- ↑ Preuss, Evelyn. "The Wall You Will Never Know". Perspecta: The Yale Architectural Journal: 19–31. Cambridge, MA: MIT Press.
- ↑ “Three Top Commies Flee East Germany”. Sarasota Herald-Tribune 1–2 (23 January 1953). Dáta rochtana: 21 November 2019.
- ↑ “5 Flee East Germany”. Toledo Blade (31 May 1963). Dáta rochtana: 21 Samhain 2019.
- ↑ “Eugene Register-Guard – Google News Archive Search”. news.google.com. Dáta rochtana: 2021-04-26.
- ↑ “Files: 350 dies trying to flee East Germany”. The Victoria Advocate (28 Iúil 1992). Dáta rochtana: 21 Samhain 2019.
- ↑ Pridham, Geoffrey (1994). "Democratization in Eastern Europe". Routledge. ISBN 0-415-11063-7.
- ↑ "East German leaders jailed.". The New Worker.
- ↑ "Krenz, Schabowski und Kleiber hatten sich nichts mehr zu sagen" (de). Berliner Zeitung. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Iúil 2012.