George Wallace (polaiteoir)

Gobharnóir ar Alabama ba ea George Wallace (25 Lúnasa 191913 Meán Fómhair 1998). Duine dúchasach, bhí sé i bhfad amach ar an eite dheis. Sheas Wallace i dtoghchán an Uachtaráin ceithre huaire (1964, 1968, 1972 agus 1976).

George Wallace
George C Wallace (cropped).jpg
ball de Theach Ionadaithe Alabama

Bealtaine 1946 - luach anaithnid
Gobharnóir Alabama

Eanáir 14, 1963 - Eanáir 16, 1967
John Malcolm Patterson - Lurleen Brigham Burns Wallace
Toghchán: 1962 Alabama gubernatorial election (en) Aistrigh
Gobharnóir Alabama

Eanáir 18, 1971 - Eanáir 15, 1979
Albert Brewer - Forrest Hood James, Jr. (en) Aistrigh
Toghchán: 1970 Alabama gubernatorial election (en) Aistrigh
45. Gobharnóir Alabama

Eanáir 17, 1983 - Eanáir 19, 1987
Forrest Hood James, Jr. (en) Aistrigh - Harold Guy Hunt
Toghchán: 1982 Alabama gubernatorial election (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheClio, Alabama, 25 Lúnasa 1919
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásMontgomery, Alabama, 13 Meán Fómhair 1998
Áit adhlacthaGreenwood Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (Galar Parkinson)
Muintir
Céile/CéilíLurleen Brigham Burns Wallace  (Bealtaine 21, 1943 -  Bealtaine 7, 1968)
Cornelia Wallace  (Eanáir 4, 1971 -  Eanáir 4, 1978)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materUniversity of Alabama School of Law (en) Aistrigh 1942) Bachelor of Laws (en) Aistrigh : dlí
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, dornálaí, breitheamh agus oifigeach míleata
Áit oibreMontgomery, Alabama
Duaiseanna
BallraíochtDelta Chi
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataUnited States Army Air Corps (en) Aistrigh
Céimstaff sergeant (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinModhachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
American Independent Party (en) Aistrigh
IMDbnm0908650
Discogs ID3949271
George Wallace Signature.svg

SaolCuir in Eagar

Fuair Wallace céim sa dlí ón Scoil Dlí, Ollscoil Alabama (LLB '42).[1]

Bhí sé ina ard aighne stáit cúnta, ina ionadaí stáit agus ina bhreitheamh cuarda (1953-58).

Bhí Wallace ina Ghobharnóir ar Alabama sna blianta 1963–1967, 1971–1979 agus 1983–1987.

 
scigphictiúr, 1965

CiníochasCuir in Eagar

Bhí sé amuigh ar Wallace roimh 1958 go raibh sé réasúnta measartha ó thaobh an chiníochais de. Ach bogadh i dtreo na heite dheis ar fad nuair a chaill sé toghchán. Is mó an fhianaise atá ann gur lig sé air féin gur dheighilteoir diongbháilte é mar sheift pholaitiúil.[1][2]

Ar an 11 Meitheamh 1963, rinne Wallace iarracht ar sheasamh sa chosán ar bheirt mhac léinn Afrai-Mheiriceánacha a bhí ag críochnú a chláraithe mar mhic léinn de chuid Ollscoil Alabama, i gcomhlíonadh an ghealltanais a thug sé i mí Eanáir roimhe sin go seasfadh sé le "leithscaradh anois, leithscaradh amárach, leithscaradh go deo".[3]

 
1968

I ndeireadh na dála, ghéill Wallace nuair a tugadh soiléiriú dó go gcuirfeadh an Garda Náisiúnta cearta bunreachtúla na mac léinn i bhfeidhm, mar a léirigh ordú forghníomhaithe de chuid An Uachtarán Uí Chinnéide a síníodh an lá céanna.[1]

Ní ba dhéanaí an lá céanna sa bhliain 1963, thug an tUachtarán Ó Cinnéide óráid chraolta, "An Tuarascáil don Phobal Meiriceánach maidir le Cearta Sibhialta", nuair a mhol sé an reachtaíocht ar tháinig Acht 1964 um Chearta Sibhialta.[4]

Ansin ar 2 Meán Fómhair 1963, chuir Wallace bac ar dhídheighilt chiníoch ag Scoil Dara Leibhéal Tuskegee in Alabama.[5][6] Chaill Wallace agus na cinígh an cath sin chomh maith.

 
AIP - 1968
 
1972

Rialtas feidearálachCuir in Eagar

 
1972

Sheas Wallace i dtoghchán an Uachtaráin ceithre huaire agus ba é toradh 1968 an ceann ba rathúla a bhí aige: 46 vótaí toghcháin mar iarrthóir 'Pháirtí Neamhspleách Mheiriceá', an t-iarrthóir tríú páirtí deireanach a fuair aon cheann.[1]

Rinneadh iarracht Wallace a dhúnmharú; gortaíodh do dona é Tháinig pairilis air ón mbásta síos

Bhí tionchar mór ag feachtas Wallace sa bhliain 1968 ar athailíniú an chórais dhépháirtigh Mheiriceánaigh as sin ar aghaidh agus ar shlite éagsúla réamhtheachtaí ag an bhfeachtas uachtaránachta rathúil a rinne Donald J Trump sa bhliain 2016 a bhí ann.

Anonn in aoisCuir in Eagar

Blianta níos moille, d'éirigh Wallace ina Chríostaí athbheirthe Sa bhliain 1979, tar éis dó teacht ar an gcreideamh, ghabh Wallace a leithscéal as 'An Seasamh i nDoras na Scoile' agus gníomhartha eile den chineál sin agus d'iarr sé maithiúnas ar Afrai-Mheiriceánaigh.[1]

Wallace sna meáinCuir in Eagar

Tháinig méadú ar an chlú a bhí ar Angelina Jolie nuair a fuair sí gradam Golden Globe mar gheall ar an pháirt a bhí aici sa scannán George Wallace (1997), scannán a bhain leis an drochbhail a bhí ar na daoine gorma i nDeisceart na Stát Aontaithe.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar