Giacomo Puccini
Ba cumadóir Iodálach é Giacomo Antonio Domenico Michele Secondo Maria Puccini (22 Nollaig 1858 – 29 Samhain 1924) a bhfuil a ceoldrámaí i measc na cinn is minice a bhíonn á taibhiú sa repertoire caighdeánach. B'é Puccini "an cumadóir is mó de ceoldráma na hIodáile i ndiaidh Verdi". Cé go raibh a chuid luath-oibre fréamhaithe sa cheoldráma traidisiúnta Iodálach rómánsúil de chuid an 19ú haois-déanach, d'fhorbair sé go rathúil a chuid oibre i stíl 'réalaíoch' verismo, agus ba cheann de na príomh-léiritheoirí é sa deireadh.
Teaghlach agus oideachasCuir in Eagar
Rugadh Puccini i Lucca san Tuscáin, sa bhliain 1858. Bhí sé ar cheann de sheachtar clainne de Mhichele Puccini agus Albina Magi. Bhí teaghlach Phuccini bunaithe i Lucca mar ríora áitiúil ceoil, ag athair a shin-seanathair, a bhí ainmnithe freisin 'Giacomo' (1712-1781). Bhí an chéad Giacomo Puccini seo ina 'maestro di cappella' den 'Catedrale San Martino' i Lucca. Tháinig a mhac Antonio Puccini i gcomharbacht air sa phost seo, agus ansin a mhac Domenico agus ansin mac Dhomenico, sé sin Michele (athair ábhair an airteagail seo). Rinne gach ceann de na fir ceoil seo staidéar ag Bologna, agus ghlac roinnt díobh staidéar breise ceoil in áiteanna eile. Rinne Domenico Puccini staidéar ar feadh tréimhse faoi Giovanni Paisiello. Chum an bheirt acu ceol don eaglais. Ina theannta sin, chum Domenico ceoldrámaí éagsúla, agus chum Michele ceoldráma amháin. Bhain athair Phuccini, sé sin Michele, clú agus dea-cháil amach ar fud thuaisceart na hIodáile, agus b' ócáid bhrónach phoiblí a chuid sochraide, agus bhí a reqiiem faoi stiúir an cumadóir clúiteach Giovanni Pacini.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |