Glen Hansard
Is é Glen Hansard (rugadh i mBaile Átha Cliath, 21 Aibreán 1970) an príomhamhránaí agus giotáraí leis an mbanna rac-cheoil Éireannach The Frames. Tháinig clú agus cáil air tar éis dó páirt a ghlacadh sa scannán Alain Parker The Commitments. Ghlac sé páirt an tseinnteora giotáir Outspan Foster. Bhí aiféala air gur ghlac sé leis an bpáirt seo i ndiaidh an scannáin mar thóg sí aird óna shlí bheatha mar cheoltóir, dar leis. Sa bhliain 2003 bhí sé mar láithreoir ar chlár RTÉ Other Voices: Songs from a Room, taispeántas den tallann ceoil neamhspleách atá le fáil in Éirinn. Sa bhliain 2006 seoladh dlúthdhiosca darbh ainm The Swell Season, ceirnín a rinne Hansard leis an gceoltóir Seiceach Markéta Irglová.
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Aibreán 1970 54 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | New York Film Academy (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, ceoltóir, cumadóir scóir scannáin, aisteoir scannáin, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir sráide, amhránaí, giotáraí |
Tréimhse oibre | 1990 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta agus pop indie |
Teangacha | Béarla agus an Ollainnis |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Ucailéile, ceol gutha agus giotár |
Teaghlach | |
Páirtí | Markéta Irglová |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | glenhansard.com |
|
Sa bhliain 2007 tháinig an scannán Once amach le Hansard agus Irová mar phríomhcharachtair ann. Ba é John Carney, iar-sheinnteoir dordghiotáir leis na Frames, a bhí mar stiúrthóir ar an scannán.
Ba bhall mór le rá é den ghrúpa gniomhaíoch Home Sweet Home a ghlac seilbh ar iar-oifigí i dTeach Apollo ar Shráíd an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath, mar fhoscadán do dhaoine gan dídean idir 15 Nollaig 2016 agus 12 Eanáir 2017. Bhí orthu an foirgneamh a fhágáil faoi dheireadh mar gheall ar ordú cúirte ach tharraing an eachtra seo aird ar straitéis an rialtais Éireannaigh do dhaoine gan dídean.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |