Ba theangeolaí é Gordon Wallace MacLennan (Gòrdon MacGilleFhinnein i nGaeilge na hAlban). Rugadh i 1931 é agus fuair sé bás i 1992.[1] Ba é an Dochtúir MacLennan an chéad chathaoirleach le Léann Ceilteach in Ollscoil Ottawa, post a bunaíodh i 1972, agus bhí suim ar leith aige sa Ghaeilge, i nGaeilge na hAlban, agus i mbéaloideas an dá theanga.[1]

Infotaula de personaGordon Wallace MacLennan
Beathaisnéis
Breith1931
Bás1992
60/61 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ottawa
Ollscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge na hAlban

Tá aithne air go háirithe mar gheall ar dhá leabhar a d'fhoilsigh sé, Gàidhlig Uibhist a Deas[2] agus Seanchas Annie Bhán, seanchaí as Dún na nGall in Éirinn, agus ba é a chuir Proceedings of the First North American Congress of Celtic Studies in eagar freisin.[1]

Ghlac sé páirt freisin i Suirbhidh Chànanach na h-Alba i nDún Éideann.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Chair of Celtic Studies Curtha i gcartlann 2011-10-09 ar an Wayback Machine - Ollscoil Ottawa (en)
  2. MacGill-Fhinnein, G. Gàidhlig Uidhist a Deas (1966) Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath
  3. Biography - Dr Gordon W. MacLennan[nasc briste go buan] - Tobar an Dualchais (en)