Gruagach

ainmhí samhailteach i mbéaloideas Mheiriceá
Is alt faoin gcriptid Mheiriceánach é seo. Más spéis leat an speiceas éin ar a dtugtar gruagach chomh maith, féach biorearrach.

Is créatúr mór giobach le cruth mar ápa air é gruagach (Béarla: Bigfoot; agus a thugtar Sasquatch air freisin), a deirtear a bheith ina chónaí i Meiriceá, go háirithe i Meiriceá thiar thuaidh. Dar le heolaithe, níl sa ghruagach ach miotas ar chuir béaloideas, ainmhithe eile ar nós béar dubh, agus cleasa leis. Insítear scéalta faoi dhaoine fiáine gruagacha ar fud an domhain, mar shampla Yeti na hÁise, Yowie na hAstráile agus fear fiáin na hEorpa.

Gruagach

Ainm cuir in eagar

Sa Bhéarla, tugtar Bigfoot ("cos mór") ar an arracht seo go coitianta, ainm a scaipeadh go forleathan den chéad uair ag iriseoir darbh ainm Andrew Genzoli i 1958, tar éis do Jerry Crew, oibritheoir ollscartaire, rian coise a fheiceáil i bhForaois Náisiúnta na Sé n-Aibhneacha, Contae Humboldt, California. Úsáidtear an téarma "sasquatch", ó fhocal de chuid treibh Mheiriceánach Dúchasach, se'sxac,[1] go minic, leis.

Is éard is gruagach ann ná arracht sa chultúr Gaelach a bhfuil a lán gruaige air, agus úsáidtear an focal seo don sasquatch i nGaeilge.[2]

Tagairtí cuir in eagar