Gustaw Herling-Grudziński

Scríbhneoir Polannach ab ea Gustaw Herling-Grudziński. Saolaíodh ar an 20 Bealtaine 1919 i gKielce é, agus bhásaigh sé ar an 4 Lúnasa 2000. Chaith sé seal sna saighdiúirí agus seal sna campaí géibhinn Sóivéadacha, agus b'iad na cuimhní cinn a scríobh sé faoi na campaí ba mhó a thuill clú is cáil dó.

Gustaw Herling-Grudziński
Gustaw Herling-Grudzinski 3.jpg
Saol
Eolas breitheKielce, 20 Bealtaine 1919
NáisiúntachtAn Pholainn
BásNapoli, 4 Iúil 2000
Áit adhlacthaNapoli
Muintir
Céile/CéilíLidia Croce
Krystyna Herling-Grudzińska (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil Vársá
TeangachaAn Pholainnis
Gairm
Gairmscríbhneoir, iriseoir, léirmheastóir liteartha agus file
Saothar iomráiteachA World Apart (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtStowarzyszenie Pisarzy Polskich (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaínedialann
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Gustaw Herling-Grudziński. Tógadh an pictiúr seo i bpríosún i nGrodno, cathair in Oirthear na Polainne a thit leis an Aontas Sóivéadach nuair a rinne Stailín agus Hitler críochdheighilt ar an bPolainn i dtús an Dara Cogadh Domhanda.

SaolCuir in Eagar

Rinne sé staidéar ar an léann Polannach in Ollscoil Vársá. Nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh agus na Sóivéadaigh an tír i bhfómhar na bliana 1939, bhunaigh seisean agus cairde dá chuid baicle frithbheartaíochta, PLAN (Polska Ludowa Akcja Niepodległościowa, "Gníomh an Phobail ar son Neamhspleáchas na Polainne"). Eisean a bhí i gceannas ar an mbaicle ar feadh dhá mhí.

 
A bhaile i Kielce

I Mí na Márta sa bhliain 1940, ghabh na rúnghníomhairí Sóivéadacha é i nGrodno. Chaith sé dhá bhliain sna campaí géibhinn, ach ansin, scaoileadh saor é, nó bhí polasaí Stalin i leith na bPolannach athraithe idir an dá linn. Fuair an ginearál Władysław Anders cead arm Polannach a chur i dtoll le chéile as na hiar-chimí cogaidh Polannacha san Aontas Sóivéadach. Chuaigh Herling-Grudziński san arm seo cosúil le cuid mhór Polannach eile sa chás céanna. Ghlac sé páirt sna cathanna timpeall ar mhainistir Monte Cassino, agus bronnadh an bonn Virtuti Militari air ar son a chuid gaisce.

I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé ar imirce, nó níor theastaigh uaidh fanacht sa Pholainn faoi cheannas na gCumannach. Ar dtús, chuaigh seisean agus a bhean chéile Krystyna go dtí Londain, áit a raibh sé ag scríobh do sheachtaineán na bPolannach áitiúil, Wiadomości. Fuair Krystyna bás sa bhliain 1952. Ansin, d'aistrigh sé go München le bheith ina iriseoir do Raidió na hEorpa Saoire. Chaith sé trí bliana i mbun na hoibre seo, ach ansin, thug sé a aghaidh ar an Iodáil.

Shocraigh sé síos i Napoli, agus phós sé bean Iodálach, Lidia Croce.

Fuair sé bás i Napoli sa bhliain 2000.

LeabhairCuir in Eagar

 
cuimhneachán i Yertsevo

B'é Inny Świat ("An Saol Eile") an leabhar is tábhachtaí dár fhoilsigh sé, an ceann inar bhreac sé síos a chuid cuimhní cinn ó champaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh. Tháinig an leabhar amach an chéad uair i Londain sa bhliain 1951. Foilsíodh an chéad eagrán sa Pholainn ar chúla téarmaí sa bhliain 1953, ach níor cuireadh an leabhar i gcló ansin go dleathach roimh an mbliain 1988.

TagairtíCuir in Eagar