Hartley Shawcross

polaiteoir Briotanach (1902-2003)

Abhcóide agus polaiteoir ab ea Hartley William Shawcross, Barún Shawcross (4 Feabhra 190210 Iúl 2003).

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Hartley Shawcross

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Feabhra 1902
Gießen, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Iúil 2003
101 bliana d'aois
Cowbeech Farmhouse, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
14 Feabhra 1959 – 10 Iúil 2003 (bás in oifig)
Ball den 41ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
26 Bealtaine 1955 – 1 Aibreán 1958 (éirí as)

Toghcheantar: St Helens (en) Aistrigh

Ball den 40ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
25 Deireadh Fómhair 1951 – 6 Bealtaine 1955 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens (en) Aistrigh

Uachtarán an Bhoird Trádála
24 Aibreán 1951 – 26 Deireadh Fómhair 1951
← Harold WilsonPeter Thorneycroft, Baron Thorneycroft (en) Aistrigh →
Ball den 39ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Feabhra 1950 – 5 Deireadh Fómhair 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
1946 –
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
4 Lúnasa 1945 – 24 Aibreán 1951
← David Maxwell Fyfe, 1st Earl of Kilmuir (en) AistrighFrank Soskice, Baron Stow Hill (en) Aistrigh →
Ball den 38ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Iúil 1945 – 3 Feabhra 1950 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens (en) Aistrigh

Abhcóide na Banríona
1939 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon School of Economics
Coláiste Dulwich
Ollscoil na Ginéive Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, abhcóide, duine den lucht gnó, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre (1918–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
14 Samhain 1945International Military Tribunal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileAlberta Rosita Shyvers (1924–)
Joan Winifred Mather (1944–)
Susanne Monique Jansen (1997–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Shawcross
 ( Joan Winifred Mather)
Joanna Shawcross
 ( Joan Winifred Mather)
Hume Shawcross
 ( Joan Winifred Mather) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Shawcross  agus Hilda Constance Asser
Gradam a fuarthas


IMDB: nm1446281 Find a Grave: 102012267 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Físeán i 1948ː Shawcross ag labhairt i mBéarla ag 1n40s sa Háig

Céimí de chuid Choláiste Dulwich, rinne sé staidéar ansin i Scoil na hEacnamaíochta agus na hEolaíochta Polaitiúla (LSE) Londain, agus Ollscoil na Ginéive.[1]

Rinne sé staidéar le haghaidh an Bharra in Ósta Gray, agus bhí sé sa chéad áit sna scrúduithe deiridh don Bharra sa bhliain 1925.

 
, cás Corfu Channel[2]

Le linn dó a bheith ina léachtóir páirtaimseartha in Ollscoil Learphoill (1927-1934) d'fhorbair sé suas le cleachtas rathúil éagsúil ar Chuaird an Tuaiscirt agus glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1939.

Bhí Shawcross ina Phríomh-Ionchúisitheoir de chuid na Ríochta Aontaithe ag an mBinse Míleata Idirnáisiúnta i Nürnberg ó 1945 go 1946, áit ar measadh go forleathan gurbh é an duine b'éifeachtaí de na príomhionchúisitheoirí, go háirithe i gcomparáid lena chomhghleacaí Meiriceánach, An Breitheamh Robert Jackson.

Feisire Parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ba ea Shawcross ó 1945 go dtí gur éirigh sé as i 1958.

Bhí Shawcross ina Ard-Aighne ar Shasana agus an Bhreatain Bheag ó 1945 go 1951. Sa phost sin, rinne sé roinnt cásanna a bhí i mbéal an phobail a ionchúiseamh go pearsanta os comhair chúirteanna Shasana, mar shampla na cásanna i gcoinne William Joyce ("Lord Haw-Haw"), John George Haigh ("dúnmharfóir an fholcadáin aigéid") agus Klaus Fuchs.

Bhí Shawcross i bhfad ní ba rathúla mar dhlíodóir ná mar pholaiteoir agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Bharra Shasana agus na Breataine Bige ó 1952 go 1957. Sa bhliain dheireanach, d'éirigh sé as an mBarra ar chomhairle na ndochtúirí agus ón bParlaimint an bhliain ina dhiaidh sin.

Rinneadh tiarna saoil trasbhinse de sa bhliain 1958 (duine de na chéad tiarnaí saoil a cheapadh riamh.) Ó shin i leith bhí gairme fada aige mar dhuine de na "maithe agus móruaisle", i bpoist amhail

  • Cathaoirleach an Choimisiúin Ríoga ar an Preas 1961-62,
  • Cathaoirleach na Comhairle um Thaighde Leighis 1961-65,
  • Cathaoirleach an Phainéil um Tháthcheangail agus Cumaisc 1969-80 agus
  • Cathaoirleach na Comhairle Preasa 1974-78, gan tagairt a dhéanamh ar ach ceithre cinn de na poist a bhí aige agus é anonn go maith sna seachtóidí.

Chomh maith leis sin, bhí sé i measc bunaitheoirí JUSTICE (roinn Bhriotanach de chuid Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe) agus ina chathaoirleach tosaigh air, ó 1957 go 1972.

 
uaimh, Gravestone, Jevington, East Sussex

Mar dhuine de bhunaitheoirí Ollscoil Sussex, bhí dlúthbhaint fhada aige léi agus bhí sé ina Leas-Seansailéir (1961-65) agus ina Sheansailéir uirthi.

Le linn a shaoil phoiblí tar éis dó oifig aireachta a fhágáil i 1951, ba mhinic a bhí malairt tuairime idir Shawcross agus a chuid iar-chomhghleacaithe (mar a bhí siad tráth dá raibh) i bPáirtí an Lucht Oibre, go háirithe ar shaincheisteanna ar nós shaoirse an phreasa.

Bhí sé ar thús cadhnaíochta na n-agóideoirí ar son Bille um Chearta, tráth a bhfacthas go forleathan é, agus an Tiarna Hailsham an duine is mó a bhíonn luaite sa chomhthéacs sin, mar chosaint i gcoinne iomarcaí féideartha de chuid rialtas den eite chlé.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí COBÁC. "Hartley Shawcross" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  2. "Straits of Corfu" (as en) (2020-11-21). Wikipedia.