Helianthus
Is géineas plandaí bláthanna bliantúla agus ilbhliantúla san fhine Asteraceae (na nóiníní) é Helianthus. Tá thart ar 70 speiceas sa ghéineas, ar a dtugtar lusanna na gréine de ghnáth.[1][2] Is é Helianthus annuus an speiceas is cáiliúla; de ghnáth is é an speiceas seo atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma lom “lus na gréine” i nGaeilge. Seachas trí speiceas ó Mheiriceá Theas, tá na speicis Helianthus dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir. Saothraítear H. annuus agus speicis eile, go háirithe an bliosán gréine (H. tuberosus), in aeráidí measartha agus i roinnt réigiún trópaiceach, mar bharra bia do dhaoine, d'eallach agus d'éanlaith chlóis, agus mar phlandaí ornáideacha.[3] Is gnách go bhfásann an speiceas H. annuus i rith an tsamhraidh agus go luath san fhómhar, agus is é lár an tsamhraidh an buaicshéasúr fáis.[4]
lus na gréine | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Asteroideae |
Géineas | Helianthus L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Sunflower Production”. North Dakota State University. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 August 2016. Dáta rochtana: 12 July 2016.
- ↑ ““lus na gréine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ "RHS A-Z Encyclopedia of Garden Plants" (2008): 1136. United Kingdom: Dorling Kindersley. ISBN 978-1-4053-3296-5.
- ↑ “Conservation Plant Characteristics - Helianthus annuus L. common sunflower HEAN3”. USDA - Natural Resources Conservation Service. Dáta rochtana: 1 April 2019.