Hideki Tojo
Ba pholaiteoir agus saighdiúir Seapánach é Hideki Tojo (Kyūjitai: 東條 英機; Shinjitai: 東条 英機) (30 Nollaig 1884 - 23 Nollaig 1948). Ba ardoifigeach airm agus príomhaire na Seapáine é.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d2/Tojo_family_1941.jpg/177px-Tojo_family_1941.jpg)
Chaith Tojo an chuid is mó dá shaol fásta san arm.
Scaoil sé urchar leis féin, ar an 11 Meán Fómhair 1945, nuair a gabhadh é. Rinne sé iarracht lámh a chur ina bhás féin, ach theip air.
Crochadh Tojo ar 23 Nollaig 1948.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/42/Tojo_like_careless_worker%5E_Be_careful%5E_-_NARA_-_535307.jpg/177px-Tojo_like_careless_worker%5E_Be_careful%5E_-_NARA_-_535307.jpg)
Triail agus freagracht
cuir in eagarRinneadh sceilpín gabhair de Tojo. "Bhí an t-arm faoi smacht an impire", a dúirt Tojo ag tús na trialach. Ach níor tugadh an tImpire os comhair cúirte as a dhrochghníomhartha
In ionad sin, d'iarr na Meiriceánaigh ar Tojo lánfhreagracht a ghlacadh agus fiú a "mhíthuiscint" a chur ina ceart[1].
Mar sin, fágadh an fhreagracht leis an gCogadh faoi chúram Tojo. Saoradh ó gach chúis an tImpire agus a chomhchoirithe. Ina theannta sin, níor cuireadh brú ar na Seapánaigh freagracht a ghlacadh as an méid a tharla sa Chogadh[2].
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Herbert P. Bix (2009-10-13). "Hirohito And The Making Of Modern Japan" (as en). Harper Collins.
- ↑ John W. Dower (2000). "Embracing Defeat: Japan in the Wake of World War II" (as en). W. W. Norton & Company.