Hilary Benn
Is polaiteoir Sasanach é Hilary Benn MP (a rugadh ar an 26 Samhain 1953), agus ball de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Ceapadh é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar an 5 Iúil 2024.
Tús a shaoil
cuir in eagarBhí a athair, polaiteoir mór le rá Tony Benn, i bhfad amach ar an eite chlé. Bhí tionchar nach beag ag nach beag ag Tony Benn, fiú sna 2000idí, ar pholaiteoirí, meáin agus pobal thall cionn is an seasamh a bhí aige ar go leor ceisteanna a bhain le cothromas don aicme oibre, dílseacht sa pholaitíocht agus go háirithe a dúil i mbunphrionsabail lucht bunaithe Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain.[1]
Bhí Tony Benn i gcónaí i bhfách le hathaontú na hÉireann agus ba dhéistin leis críochdheighilt.[1]
Gairm pholaitiúil
cuir in eagarCeapadh Benn mar Scáth-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha in 2015.[2]
Ceapadh Benn mar Scáth-Rúnaí Thuaisceart Éireann in 2023.
Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann
cuir in eagarCheap Keir Stamer é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar an 5 Iúil 2024.
D’fhógair rialtas na Breataine de chuid Keir Starmer "cealú an Achta" mar chuid dá gclár oibre. Ach is léir nach aisghairm an Achta atá ar intinn ag an Státrúnaí Hilary Benn ach leasú.Tá sé soiléir go bhfuil sé diongbháilte go gcoinneofar an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR (Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery).[3]
Pearsanta
cuir in eagarPhós Benn mac léinn eile in Oxford, Rosalind Caroline Retey sa bhliain 1973; 20 bliain d'aois a bhí an lanúin ag an am. Fuair Retey bás den ailse in 1979. Phós Benn Sally Christina Clark in 1982 agus tá ceathrar clainne orthu.
Is é uachtarán oinigh ar Dundela F.C. i mBéal Feirste.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Tony Benn i ndiaidh a bháis | Raidió Fáilte". web.archive.org (2017-11-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-21. Dáta rochtana: 2021-03-13.
- ↑ "Bata agus bóthar tugtha don ‘Rt Hon Pat Jimmy Den Rua MP’ mar gheall ar ráiteas faoin sceimhlitheoireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-01-06). Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (21 Iúil 2024). "Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ "Dundela F.C." (as en) (2024-07-22). Wikipedia.