Gníomhaí chearta daonna agus státseirbhíseach as Doire is ea Hugh Logue (a rugadh ar an 23 Eanáir 1949). Bhí Logue mbéal an phobail ar dtús mar cheannaire sna cearta sibhialta ag deireadh na 1960idí, mar bhall de choiste Chumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus mar Leas-chathaoirleach ar Chumann Cearta Sibhialta Dhoire Thuaidh.

Infotaula de personaHugh Logue
Beathaisnéis
Breith23 Eanáir 1949
75 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1973–74


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteAntonia Logue Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de bhunaitheoirí an SDLP, toghadh Logue chuig Tionól Stormont don pháirtí in 1973, 1975 agus 1981.

Chuaigh Logue go dtí an Coimisiún Eorpach sna 1980idí agus d’oibrigh sé sa Bhruiséil ar feadh scór bliain mar oifigeach sinsearach don Choimisiún. Sa ról sin bhí sé an-tábhachtach ó thaobh obair an Aontais Eorpaigh i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann agus i gComhaontú Aoine an Chéasta.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Ollscoil na Gaillimhe (Samhain 2023). "Céimithe oinigh 2023". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-11-02.