Inis Díomáin

áit lonnaithe

Baile beag cois farraige i gContae an Chláir is ea Inis Díomáin.[1][2] I 2011 bhí cónaí ar 957 duine i sráidbhaile Inis Díomáin [3] Ba é an Rí Toirdhealbhach Ó Briain a chuir tús leis an áitreabh san áit nuair a thóg sé caisleán ansin sa bhliain 1588. Go bunúsach, níl ann ach baile aon sráide, agus naoi gcéad duine ina gcónaí ann. Is í an turasóireacht an tslí bheatha is tábhachtaí, agus tá a lán tithe tábhairne ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis Díomáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°56′N 9°17′W / 52.94°N 9.29°W / 52.94; -9.29
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416525

Ritheann Abhainn Eidhneach tríd an áit ar chúl na sráide, easanna inti (“the Falls” i mBéarla) agus droichead ag dul trasna uirthi: an té a théann an bóthar sin (an N67) tagann sé go dtí Leacht Uí Chonchúir.

Inis Díomáin
Na hEasanna

Iompar cuir in eagar

Is ionann sráid mhór an bhaile (an N85) agus an bóthar go dtí Inis. Roimh dheireadh na gcaogaidí chuaigh Iarnród Iarthar an Chláir tríd an sráidbhaile, agus a aghaidh ar Inis agus ar bhailte an chósta: d’oscail sé ar 2 Iúil 1887 agus dhún ar 1 Feabhra 1961.[4] Téann busanna go dtí Inis agus go dtí bailte móra eile, agus téann an 337 chomh fada le Baile Átha Cliath.

 
Inis Díomáin

Leacht Cuimhneacháin cuir in eagar

Tógadh leacht i gcuimhne an Drochshaoil míle slí lasmuigh d’Inis Díomáin ar an mbealach go dtí an Leacht, os comhair Ospidéal Inis Díomáin, a tógadh ar láithreán theach na mbocht. Ba iad Comhairle Chontae an Chláir agus an Ancient Order of Hibernians a chuir an leacht á thógáil, agus tíolacadh é ar 20 Lúnasa 1995. Taispeánann sé dílleachta óg a fágadh ag doras theach na mbocht ar 25 Feabhra 1848; tá cuntas ar ar tharla le fáil i miontuairiscí Bhord Bardachta Theach na mBocht i gCartlann an Chontae.[5]

Daoine Nótálta cuir in eagar

In aice le hInis Díomáin a rugadh Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chúirt an Mheán Oíche, agus in Inis Díomáin a fuair John Philip Holland (Seán Pilib Ó hUallacháin), príomhchumadóir fhomhuireán an lae inniu, cuid dá oideachas.

An Ghaeilge cuir in eagar

Is féidir a dhéanamh amach go raibh an Ghaeilge an-láidir i gContae an Chláir san 18ú haois, agus láidir go leor anuas go dtí an Drochshaoil. Bhain canúintí an Chláir le Gaeilge Chúige Mumhan, cé go raibh rian Chonamara le haithint ar bhlas na teanga thuaidh. Bhí roinnt Gaeilgeoirí dúchais le fáil fós sa chontae sna 1940í, agus taifeadadh a gcuid cainte: tá a nglórtha i dtaisce anois i gcartlann Raidió na Gaeltachta. Níorbh í Inis Díomáin an áit dheireanach a raibh an teanga le cloisteáil i gContae an Chláir.

  • Contae an Chláir (céatadán an lucht labhartha Gaeilge):
1771-81 92%
1801-11 90%
1831-41 72%
1861-71 38%

Tagairtí cuir in eagar

Féach Freisin cuir in eagar

  • Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy

Naisc Sheachtracha cuir in eagar