Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (boilsciú)
Tomhaistear rátaí boilscithe ar an leibhéal náisiúnta san Aontas Eorpach[1] agus ar leibhéal an limistéir euro leis an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (ICPT nó HICP, Harmonised Index of Consumer Prices),[2] Tá staidreamh praghsanna ardchaighdeáin agus inchomparáide riachtanach dóibh siúd atá freagrach as beartas poiblí san Aontas, do thaighdeoirí agus do shaoránaigh uile AE.[3]
Áireamh
cuir in eagarTá an ICPT ar leibhéal an limistéir euro ríofa agus foilsithe ag Eurostat,[3] oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh. Ní chuimsítear athruithe ar bith ar phraghsanna na dtithe arna gceannach ag teaghlaigh nó ar tháirgí eile a cheannaíonn teaghlaigh in ICPT. Lena chois sin, ní chuimsítear sonraí in ICPT maidir le támhshuanaigh; cearrbhachas; árachas saoil ... nó striapachas fiú.[3]
In Éirinn, tá ualú an ICPT Éireannach bunaithe go mór ar thorthaí an tSuirbhé Buiséid Teaghlaigh, a dhéanann an Brainse gach cúig bliana.[4]
Úsáid
cuir in eagarÚsáideann an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach an t–innéacs chun cobhsaíocht praghsanna a mheasúnú i dtíortha AE agus sa limistéar euro. Is é an ICPT - nó na hathróga - an tomhas ar phraghsanna a úsáideann an Chomhairle Rialaithe den Bhanc Ceannais Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht praghsanna i limistéar an euro.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ An Pholainn agus an Ungáir san áireamh
- ↑ ""Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Database - Harmonised Indices of Consumer Prices (HICP) - Eurostat". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-09-24.
- ↑ "Brainse na bPraghsanna & Suirbhé Buiséid Teaghlaigh - CSO - Central Statistics Office". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2021-09-24.