Ar an 26 Meitheamh 2015, tharla oll-lámhach ag an ionad turasóireachta i bPort El Kantaoui, timpeall 10 ciliméadar ó Sousse, sa Túinéis. Áirítear sléacht na hAoine a bheith an ceann is measa a tharla riamh sa Túinéis, tír a bhí daonlathach ó 2011 ar aghaidh.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí Sousse, 2015
Íomhá
Map
 35°55′N 10°35′E / 35.91°N 10.58°E / 35.91; 10.58
Cineáldúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deBloody Friday (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Meitheamh 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPort El Kantaoui, An Túinéis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Túinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sprioctourist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna39 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe36 Cuir in eagar ar Wikidata
ArmKalashnikov rifle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Port El Kantaoui

An t-ionsaí cuir in eagar

Rinne fear amháin, Seifeddine Rezgui, mac léinn, ionsaí ar dhá óstán turasóireachta cóngarach do bhaile Sousse ar chósta na Túinéise.[2] Bhí sé ar na ribí ag an gcócaon is cosúil[3] agus gléasta mar thurasóir é féin. Thosaigh a scaoileadh urchair ar an trá le turasóirí, a bhí ag sú na gréine ar an trá, as gunna Kalashnikov.

 
Kalashnikov SR-1

Bhí 37 maraithe, 3 Éireannach agus 30 Briotanach ina measc. Mharaigh na póilíní Rezgui.[4]

Iarmhairt cuir in eagar

B'éigean do phóilíní turasóirí agus daoine áitiúla a bhogadh go dtí ceantar sábháilte. Bhí an tslándáil géaraithe go mór sa tír sa bhliain 2015, breis is 1,000 póilín breise ar dualgas lámh le hóstáin agus ionaid saoire.

Ghlac Stáit Ioslam freagracht as an eachtra.[5]

Mí níos déanaí, dúirt Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, go raibh imní mhór ann faoi insíothlú de chuid baill den Ghrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin in Éirinn.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Ní raibh an tír réidh don ionsaí"-Uachtarán na Túinéise" (as ga) (2015-06-30). 
  2. "Éireannach maraithe in ionsaí sa Túinéis" (as ga) (2015-06-26). 
  3. T. O. I. staff. "Family shocked as Tunis ‘break-dance star’ becomes mass murderer" (en-US). www.timesofisrael.com. Dáta rochtana: 2020-06-25.
  4. "Daoine gafa maidir leis an ionsaí sa Tuinéis" (as ga) (2015-06-29). 
  5. "12 gafa faoi shléacht Sousse sa Túinéis" (as ga) (2015-07-02). 
  6. "Imní léirithe faoi sceimhlitheoirí" (as ga) (2015-07-20).