Ionsaí ar Halla Crocus Mhoscó, 2024


Ar an 22 Márta 2024, tharla ionsaí sceimhlitheoireachta de chuid SI ar Halla Crocus, ceoláras nó halla ceolchoirme [1] in Krasnogorsk,[2] bruachbhaile de chuid Mhoscó sa Rúis.[3] B'amhlaidh a réab fir ghunna isteach san áit ag scaoileadh fúthu is tharstu. Ansin dódh ionad na ceolchoirme go talamh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí ar Halla Crocus Mhoscó, 2024
Íomhá
28 Márta 2024
Map
 55°49′33″N 37°23′26″E / 55.8258°N 37.3906°E / 55.8258; 37.3906
Cineálcoordinated terrorist attack (en) Aistrigh
oll-lámhach
ionsaí buamála
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deterrorism in Russia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Márta 2024 (tráthnóna) Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama13 min Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCrocus City, An Rúis (en) Aistrigh
Crocus City Hall, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata, Krasnogorsk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocdúnmharú líonmhar, contract killing (en) Aistrigh agus sceimhlitheoireacht Ioslamach Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisnational day of mourning (en) Aistrigh (24 Márta 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna144 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe360 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireIslamic State – Khorasan Province (en) Aistrigh (eagraíocht sceimhlitheoireachta)
Dalerjon Mirzoev (en) Aistrigh
Saidakrami Rachabalizodu (en) Aistrigh
Shamsidin Fariduni (en) Aistrigh
Muhammadsobir Fayzov (en) Aistrigh
an Stát Ioslámach (eagraíocht sceimhlitheoireachta) Cuir in eagar ar Wikidata
ArmMolotov cocktail (en) Aistrigh
Kalashnikov rifle (en) Aistrigh
Piostal
scian Cuir in eagar ar Wikidata

Fágadh breis is 140 duine marbh, nó b'fhéidir i bhfad níos mó. Ní fhaca talamh na Rúise ionsaí chomh marfach leis seo le beagnach scór bliain (sa bhliain 2004, tharla Léigear scoile Beslan; maraíodh 385++). Bhí oibrithe tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar chorpáin eile sa smionagar trí lá níos déanaí. Ag an am céanna, fágadh neart bláthanna le taobh an ionaid mar chuimhneachán.[4]

Caint a rinne Putin an lá dár gcionn
Cuimhneachán : bláthanna ⁊ agallaimh

Freagracht cuir in eagar

Grúpa a raibh baint acu le Stát Ioslamach a ghlac freagracht as an ionsaí, craobh na hAfganastáine de SI.[4][5][6] Ach ar an 25 Márta, bhí údaráis na Rúise fós in amhras faoi bhaint a bheith ag an Úcráin i dtaca leis an ionsaí.[7]

Cuid den scrios a rinneadh

Níos túisce sa mhí, chuir Rialtas na Stát Aontaithe fainic ar oifig faisnéise na Rúise go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag SI. Níor tharla an t-ionsaí, agus thosaigh Rialtas na Rúise ag magadh fúthu.[6]

B'fhearr leis an gCreimil amhras a chaitheamh i dtreo na hÚcráine. Bhí Rialtas na Rúise féin soiniciúil go maith, ag rá gur ag iarraidh teitheadh chun na hÚcráine a bhí na gunnadóirí sular gabhadh iad (ceathrar a bhí ann) i réigiún Bryansk, breis is 200 míle ó dheas de Mhoscó. Shéan an Úcráin aon bhaint a bheith aici leis an ionsaí.

Tugadh na gunnadóirí os comhair cúirte i Moscó ar an 24 Márta, saoránaigh de chuid na Táidsíceastáine iad uilig. Bhí an Chreimil fós ag diúltú aon rud a rá faoin bhfianaise gurbh é craobh na hAfganastáine de IS a bhí taobh thiar den ionsaí.[3] Bhí sé i gceist iad a choinneáil go gcuirfí ar a dtriail iad ar an 22 Bealtaine. Dúirt áisíneacht nuachta na Rúise, TASS, gur dócha go gcuirfear príosún saoil orthu.[4] Ach buaileadh go dona an ceathrar idir 22-24 Márta, agus bhí eagla ann go mbeadh siad i mbaol báis faoi choimeád.[8] Gabhadh triúr eile a bhí i bpáirt leo dar le TASS.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tugtar sa Rúis "Crocus City Hall" - i mBéarla creid nó ná creid - ar an gceoláras.
  2. "Krasnogorsk, Moscow Oblast" (as en) (2024-03-25). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 RnaG (2024-03-25). "Tús Áite: Ionsaí Sceimhlitheoireachta ISIS i Moscó" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-25.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-03-25). "An Rúis fós ag amhras faoin Úcráin i dtaca le hionsaí na hAoine" (as ga-IE). 
  5. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron nach bhfuil aon amhras airsean gur grúpa leis an Stát Ioslamach a bhí freagrach.
  6. 6.0 6.1 Jessie Yeung (2024-03-25). "Who are ISIS-K, the group that claimed it carried out the Moscow terror attack?" (en). CNN. Dáta rochtana: 2024-03-25.
  7. Jason Burke, Jonathan Yerushalmy (2024-03-25). "Moscow attack explainer: why would Islamic State attack Russia and what will Putin’s response be?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-03-25.
  8. "Moscow terror attack - injured suspects appear in court accused of killing 137 people | BBC News" (as en) .