Ionsaí ar stáisiún traenach i Kramatorsk


Maraíodh 52 ar a laghad agus gortaíodh 90 ar 8 Aibreán 2022 de bharr ionsaí roicéad de chuid na Rúise ar thraein i Kramatorsk, le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí cúigear páiste i measc na marbh.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí ar stáisiún traenach i Kramatorsk
Íomhá
Map
 48°43′34″N 37°32′34″E / 48.7261°N 37.5428°E / 48.7261; 37.5428
Cineálbuille diúracáin
tuairgneáil
coir chogaidh
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEastern Ukraine campaign (en) Aistrigh, ionradh na Rúise ar an Úcráin agus Cogadh na Rúise agus na hÚcráine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Aibreán 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amastair chomhaimseartha agus An Rúis faoi Putin Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhKramatorsk railway station, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Kramatorsk urban hromada, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocKramatorsk railway station (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna61 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe109 Cuir in eagar ar Wikidata
ArmOTR-21 Tochka (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Maraíodh 52 ar a laghad ːI ngrianghraif a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil bhí daoine le feiceáil sínte amach ar an talamh agus bagáiste agus smionagar timpeall orthu.

Dúirt cuideachta iarnróid an Stáit ag an am gur scaoileadh 2 roicéad le traein in aice le stáisiún traenach Kramatorsk in Oirthear Úcráin. Bhí 4,000 sibhialtach sa stáisiún ag an am, daoine ag iarraidh teitheadh siar ón gcogaíocht, mná agus páistí agus seandaoine den chuid is mó. Ní raibh oiread is saighdiúir amháin de chuid Úcráin ar láthair an ionsaithe.[1]

Ionsaí roicéad de chuid na Rúise

Dúirt ceannasaí pholasaí gnóthaí Eachtracha an AE, Josep Borrell gur “ionsaí gan idirdhealú” a bhí ann ar thug an Rúis faoi chun bealaí éalaithe a iamh ar dhaoine a raibh orthu teitheadh ón bhforéigean.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar