Iora glas

speiceas creimirí

Is ainmhí beag é an t-iora glas (Sciurus carolinensis).[1] Is mó é ná an t-iora rua agus dath glas nó donnghlas a bhíonn air i gcónaí[2]. Is minic frainse geal ar a eireaball. Ní bhíonn stothanna ar a dhá chluas.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIora glas
Sciurus carolinensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair40 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse saoil is faide23.6 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Mais15.5 g Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN42462 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdRodentia
FineSciuridae
TreibhSciurini
GéineasSciurus
SpeiceasSciurus carolinensis Cuir in eagar ar Wikidata
J.F.Gmel., 1788

Crainn a thaithíonn sé agus is i gcrann a dhéanann sé a nead. Caitheann an tIora Glas cuid dá am ag ithe ar an talamh, mar shampla cnónna, dearcáin, meas fáibhile; plandaí glasa, fungais agus fréamhacha.

Bíonn an t-iora glas le fáil I bpáirceanna poiblí, i ngairdíní agus i gcoillte duillsilteacha.


In Éirinn

cuir in eagar

Is Mamach atá ann a tháinig ó thuaisceart Mheiriceá ó thús. Tugadh isteach go Sasana an t-iora glas mar ainmhí spéis i Henbury Park, Cheshire sa bhliain 1876. Tugadh roinnt acu go Contae Longfort ina dhiaidh sin.

Tháinig borradh damanta ar a ndaonra i Sasana agus in Éirinn agus go minic ba iad na hioraí rua dúchasacha a bhí thíos leis.

Ní bhíonn an t-iora glas le fáil ar mhór-roinn na hEorpa ar chor ar bith.

vs an t-Iora Rua

cuir in eagar

Is lú an t-iora rua ná an t-iora glas agus is éagsúil a dhath: donnrua domhain go hiondúil. Ghlac an t-iora glas ionad an iora rua go hannamh in Éirinn. Rinne an t-iora glas loit ar dhaonra na n-ioraí rua mar gheall :

  1. Is féidir leis an iora glas dearcáin a ithe, ní féidir leis an iora rua.
  2. Iompraíonn na hioraí glasa víreas ("Squirrel poxvirus" as Béarla). Cé nach ndéanann sé dochar don iora glas déanann sé dochar don iora rua nuair a mheascann siad leo.
  3. Nuair a bhíonn an t-iora rua faoi bhrú, ní bheirtear an líon céanna clainne dó.


  1. “Sciurus carolinensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-24.
  2. Mamaigh - Eolaí Póca (An Gúm) le Eleanor Lawrence