Ireachó

cathair sna Críocha Palaistíneacha

Is cathair í Ireachó (Araibis: أريحا‎) atá suite gar d'Abhainn na hIordáine ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha. Príomhchathair na Gobhanóireachta Ireachó atá inti, le daonra thart ar 20,000 Palaistíneach. Tá an chathair suite faoi bhun cothrom farraige sé chiliméadar déag ó thuaidh ón Mhuir Mharbh, agus is í an áit lonnaithe is ísle ar domhain. Meastar fosta go bhfuil Ireachó ar an gcathair is sine ar domhain, agus tá fianaise ann a léiríonn go raibh daoine sa cheantar chomh fada siar le 9000 RC.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilIreachó
أريحا (ar)
יריחו (he) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósYarikh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 31°51′22″N 35°27′47″E / 31.8561°N 35.4631°E / 31.8561; 35.4631
Críocha gafaan Bruach Thiar
Governorate of the State of Palestine (en) AistrighJericho Governorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán23,220 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús393.56 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla59 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde−275 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthúc. 96 haois "RCh"
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód02 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinjericho-city.org Cuir in eagar ar Wikidata

Déantar cur síos ar Ireachó sa Bhíobla mar "Chathair na gCrann Pailme". Tá aithne ar an gcathair mar an áit ar ar fhill na Iosraelaigh as daorbhroid na hÉigipte, faoi cheannasaíocht Iósua.

Féach freisin cuir in eagar