Uisce Éireann
Is é Uisce Éireann fóntas uisce náisiúnta nua na hÉireann atá freagrach as seirbhísí uisce ar fud na hÉireann a sholáthar agus a fhorbairt.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | corparáid reachtúil |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | water.ie |
Stair
cuir in eagarBhunaigh Uisce Éireann i Márta 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013. Tagann seirbhísí uisce agus fuíolluisce na 34 hÚdarás Áitiúla le chéile faoi aon soláthraí seirbhíse náisiúnta amháin.
Glacann Uisce Éireann freagrachtaí na nÚdarás Áitiúil de réir a chéile ó mhí Eanáir 2014 ar aghaidh. Tógann sé thart ar chúig bliana Uisce Éireann a bhunú go hiomlán. Bhí sé ar intinn ag an rialtas sa bhliain 2014 go mbeadh Uisce Éireann freagrach i 2019 as feidhmiú na seirbhísí uisce poiblí, lena n-áirítear bainistiú a dhéanamh ar na sócmhainní náisiúnta uisce, cothabháil an chórais uisce, infheistíocht agus pleanáil, tionscadail chaipitil a bhainistiú agus cúram custaiméirí agus billeáil.
Freagrachtaí
cuir in eagarChomh maith le freagracht a bheith aige i leith seirbhísí uisce poiblí, tá Uisce Éireann ag déanamh cinntí caipitil agus cinntí infheistíochta maidir le bonneagar uisce na tíre ar bhonn náisiúnta.
Tá Uisce Éireann freagrach do dhá chomhlacht rialála – an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh, an rialtóir eacnamaíoch don tionscal uisce, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an rialtóir comhshaoil.
Níl Uisce Éireann ar cheann do na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i láthair na huaire.
Dúshláin
cuir in eagarSa bhliain 2023, léirigh tuarascáil an GCC[1] ar cháilíocht an uisce go raibh cáilíocht uisce sna lochanna, aibhneacha, agus inbhir in Éirinn ag dul in olcas, agus go bhfuil go leor pobal in Éirinn fós ag fulaingt ó shrianta uisce agus fógraí.[2]
Sa bhliain 2024, mhaígh tuarascáil an GCC nach raibh an obair athchóirithe ag Uisce Éireann ar áiseanna cóireála fuíolluisce ar fud na tíre pioc sásúil.[3]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)
- ↑ An Fóram Uisce /thewaterforum.ie (2023). "Tuarascáil Bhliaintúil 2022". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-11). "'Rómhoill leis an obair ar áiseanna cóireála fuíolluisce'" (as ga-IE).