Ivano Dionigi

Laidineach Iodálach, múinteoir agus scoláire

Is léachtóir agus reachtaire Iodálach é Ivano Dionigi (rugadh 20 Feabhra, 1948 i Pesaro).[1]

Infotaula de personaIvano Dionigi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Feabhra 1948
76 bliana d'aois
Pesaro, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhologna Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
GairmLaidineoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bhologna
Ca' Foscari University of Venice (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis

Is Ollamh le litríocht na Laidine é, bhí sé ina Reachtaire den Alma Mater - Ollscoil Bologna ó 2009 go 2015; tá sé ina bhall d’ Acadamh na hEolaíochtaí Bhologna. Ar an 10 Samhain 2012 d'ainmnigh Benedict XVI é mar uachtarán ar an Acadamh Pontaifiúil nuabhunaithe don Laidin.

Gairm acadúil cuir in eagar

Nuair a chríochnaigh sé a chuid staidéir ag an ardscoil ‘Terenzio Mamiani’ i Pesaro, bhain sé céim amach sa litríocht chlasaiceach in Ollscoil Bologna. San Ollscoil chéanna fuair sé oiliúint mar thaighdeoir agus mar léachtóir sa bhliain 1990. I 1999 bhí sé ina bhunaitheoir agus ina stiúrthóir ar Ionad Staidéir La Permanenza del Classico.

Ar an 27 Bealtaine 2009 toghadh é mar Reachtaire ar Ollscoil Bologna, le 1282 rogha.[2] Thar na blianta dhírigh a chuid staidéir go príomha ar Lucretius agus Seneca, ar an gcaidreamh idir Críostaithe agus Págánaigh. Tá os cionn céad foilseachán déanta aige freisin. Is Ball de Pháirtí Cumannach na hIodáile é, bhí sé mar chuid de Chomhairle Cathrach Bologna.

Foilseacháin cuir in eagar

  • Due interpretazioni unilaterali di Lucrezio, in "Studi Urbinati", 1973.
  • L. Anneo Seneca, De otio. Testo e apparato critico con Introduzione, Versione e Commento a cura di I. Dionigi, Brescia 1983
  • Lucrezio. Le parole e le cose, Bologna 1988
  • Commento a T. Lucrezio Caro, La natura delle cose, Milano 1990.
  • Verba et res, morfosintassi e lessico del latino (le E. Riganti agus L. Morisi), Bari 1997.
  • Necessità dei classici in AA.VV., Di fronte ai classici, Milano 2002.

Tagairtí cuir in eagar