Bitheolaí Meiriceánach is ea James Dewey Watson (a rugadh ar 6 Aibreán 1928 ). Tá cáil air mar gheall ar a fhionnachtain ar struchtúr an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh, nó ADN , in éineacht le Francis Crick agus Maurice Wilkins . Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis orthu sa bhliain 1962 . Rosalind Franklin a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach an ADN freisin.
James Watson Breith (en) James Dewey Watson 6 Aibreán 1928 96 bliana d'aoisChicago, Illinois
Reiligiún Aindiachas Scoil a d'fhreastail sé/sí Ollscoil Indiana Bloomington - zó-eolaíocht (1948–1950) Ollscoil Chicago - zó-eolaíocht (1943–1947) Ardscoil South Shore Céim acadúil dochtúireacht Comhairleoir dochtúireachta Salvador Edward Luria Teanga dhúchais Béarla Réimse oibre Bithcheimic , géineolaíocht agus bitheolaíocht mhóilíneach Gairm bitheolaí , múinteoir ollscoile , ceimiceoir , fisiceoir , scríbhneoir , acadóir , bithcheimiceoir , bitheolaí móilíneach , géineolaí , míoleolaí , bithfhisiceoir Tréimhse oibre 1953 – Fostóir Saotharlann Cold Spring Harbor (1968–2007), dismissal (en) Ollscoil Harvard Ollscoil Cambridge na hInstitiúidí Náisiúnta um Shláinte Ball de Mac/iníon léinn de chuid H.J. Muller Mac/iníon léinn John Tooze , Ewan Birney , Richard Roberts , Phillip Sharp agus Ronald W. Davis Teangacha Béarla Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachta Mario Capecchi , Robert Horvitz , Peter Moore agus Joan A. Steitz Athair James Dewey Watson sequencing (en)
Rugadh Watson i Siceago , SAM .
Thaispeáin Watson is Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2 m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.[ 1]
Tá cur síos ar an bhfionnachtain ina leabhar The Double Helix (An Déhéilics, 1968). I 1990-4, ina cheannaire ar thionscadal an ghéanóim dhaonna, scéim idirnáisiúnta chun ionad is ord gach géine ar gach crómasóm daonna a aimsiú is a mhapáil.[ 2]
Watson sa bhliain 1962
↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim .
↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim .