Dlíodóir agus breitheamh ba ea Javed Iqbal (جاوید اقبال‎, 5 Deireadh Fómhair 19243 Deireadh Fómhair 2015), a bhí ar thús cadhnaíochta na smaointeoirí agus na mbreithiúna sa Phacastáin sa 20ú haois.[1][2]

Infotaula de personaJaved Iqbal

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ur) جاوید اقبال
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1924
Sialkot, An Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Deireadh Fómhair 2015
90 bliana d'aois
Lahore, An Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Breitheamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síGovernment College University (en) Aistrigh
Ollscoil Cambridge
Scoil Dlí na Cathrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, breitheamh, dírbheathaisnéisí, beathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileNasira Iqbal Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuhammad Iqbal  agus Sardar Begum
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Céimí de chuid Ollscoil Choláiste an Rialtas, Lahore (BA '44; MA '48) bhain sé PhD amach ó Ollscoil Cambridge ina dhiaidh (sa bhliain 1954) sin. Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach Ósta Lincoln dhá bhliain dár gcionn.

Tar éis dó a bheith ina abhcóide gníomhach i Lahore ar feadh na mblianta fada, ceapadh ar Ard-Chúirt Lahore é sa bhliain 1971. Ceapadh ina Phríomh-Bhreitheamh ar an gcúirt sin sa bhliain 1982.

 
Javed Iqbal ar chlé agus Sheikh Mohammad Iqbal ar dheis

Fuair sé ardú céime go dtí Cúirt Uachtarach an Pacastáine sa bhliain 1986. Bhí sé ar an gcúirt sin go dtí gur éirigh sé as agus cúig bliana is seasca d'aois slán aige, sa bhliain 1989. Níos déanaí, bhí Iqbal i mbun fiosrúcháin ar choimisiúin fiosrúcháin.

 
Cúirt Uachtarach an Pacastáine, Islamabad

Chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina bhreitheamh, ba fealsamh mór le rá An Breitheamh Iqbal. Bhí neart scríofa aige faoi smaointeoireacht pholaitiúil agus dhlíthiúil Ioslamach na linne seo agus faoi náisiúnachas na Pacastáine. Bhí spéis ar leith san ábhar deireanach aige; mac le Muhammad Iqbal (1877-1938) ba ea é, an t-intleachtóir ar thús cadhnaíochta na gluaiseachta, as ar eascair críochdheighilt na hIndia sa bhliain 1947.

Bhí an bhaintreach An Bhreithimh Iqbal, An Breitheamh Nasira Javed Iqbal, chun tosaigh sa léann freisin; bhí sí ina dlíodóir agus ina breitheamh (agus í ar Ard-Chúirt Lahore ó 1994 go 2002.)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Javed Iqbal (2020-10-03). "Scoil Dlí, COBÁC" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-03.
  2. "Justice (retd) Javed Iqbal, Son of Allama Iqbal, passes away in Lahore" (en-US). PKKH.tv (2015-10-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-13. Dáta rochtana: 2020-10-03.