John L. Murray (breitheamh)

breitheamh Éireannach

Príomh-Bhreitheamh na hÉireann (2004-2011) agus Ard-Aighne na hÉireann (1982 agus 1987-1991) ab ea John L. Murray (27 Meitheamh 1943 - 18 Eanáir 2023).[1][2][3]

Infotaula de personaJohn L. Murray
Ainm sa teanga dhúchais(en) John Loyola Murray Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Bealtaine 1943
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Eanáir 2023
79 bliana d'aois
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
23 Iúil 2004 – 25 Iúil 2007
← Ronan Keane (en) AistrighSusan Denham →
Breitheamh de Chúirt Uachtarach na hÉireann
2 Bealtaine 1999 – 26 Meitheamh 2015
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
15 Meán Fómhair 1992 – 2 Bealtaine 1999
21 Ard-Aighne na hÉireann
11 Márta 1987 – 25 Meán Fómhair 1991
← John Rogers (en) AistrighHarry Whelehan (en) Aistrigh →
Ard-Aighne na hÉireann
17 Lúnasa 1982 – 14 Nollaig 1982
← Patrick Connolly (en) AistrighPeter Sutherland → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Crescent Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Na Ceithre Cúirteanna

Rugadh Murray ar 27 Meitheamh 1943 i Luimneach. Fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste Crescent, Coláiste Rockwell, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Ag an ollscoil, bhí sé gníomhach i gcúrsaí mac léinn agus ceapadh é faoi dhó mar Uachtarán Aontas Mac Léinn na hÉireann (U.S.I.).[4]

I 1967 ligeadh isteach i mBarra na hÉireann é. In 1981 rinneadh Abhchóide Sinsearach de tar éis dó a ghlao chun Bharra na Sinsear sa Chúirt Uachtarach. Bhí sé ina abhcóide cosanta, do Neil Blaney sna 1970idí.

Príomhalt: Triail na n-arm

Bhí Murray ina Ard-Aighne na hÉireann ó Lúnasa-Nollaig 1982 agus arís ó 1987-1991.[4]

Bhí sé ina bhall de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i Lucsamburg ó 1991-1999.

Ceapadh Murray ina ina bhall den Chúirt Uachtarach sa bhliain 1999. Ansin ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann in Iúil 2004. Ba é an deichiú Príomh-Bhreitheamh ó bunaíodh an Stát i 1922.[4]

Rialaigh an Chúirt Uachtarach (agus Murray ina chuid de) ar an 6 Bealtaine 2010 nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.[5]

Bhí sé pósta (1969) ar Gabrielle Walsh, agus beirt pháistí orthu, Catriona agus Brian.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Death Notice of The Hon. Mr. Justice John L. Murray" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-01-29.
  2. Deaglán de Bréadún (29 Eanáir 2023). "Obituary: Justice John L Murray, distinguished former chief justice and attorney general known for his laughter, compassion, friendship and wisdom" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-01-29.
  3. Jasmin Griffin. "Limerick mourns the death of 'distinguished' former Chief Justice John Murray" (en). www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2023-01-29.
  4. 4.0 4.1 4.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-09-20.
  5. Breandán Delap (2010). "Impleachtaí ag Breithiúnas Cúirte ar Lucht Aistriúcháin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-09-20.