John Mac Menamin (breitheamh)

breitheamh Éireannach

Is breitheamh é John Mac Menamin (a rugadh ar 14 Samahin 1952). Bhí se an-mhór le Garrett Fitzgerald agus Fine Gael.

Infotaula de personaJohn Mac Menamin
Beathaisnéis
Breith14 Samhain 1952
71 bliana d'aois
Raghnallach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
Coláiste Thír an Iúir

Rugadh Mac Menamin i 1952 i mBaile Átha Cliath. Cuireadh oideachas air i gColáiste Thír an Iúir agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin, áit inar bhain sé céim Onóracha amach sa Stair i 1973. Fad a bhí sé ina mhac léinn, ba bhall é de Chomhairle na nIonad Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC), agus bhí baint aige le hionad a reáchtáil i mBaile Formaid.[1]

 

Gairm cuir in eagar

Bhain sé cáilíocht amach mar abhcóide in Óstaí an Rí i 1975. Glaodh chun Barra na Sinsear i 1991 agus bhí chleachtas ginearálta aige (agus obair Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh ina speisialtóireacht dá chuid). Bhí baint aige leis an mBinse Flood/Mahon agus Ryan.

Bhí sé ina stiúrthóir ar an VHI idir 1995 agus 1997. Ba é an measúnóir dlíthiúil leis an gCoiste um Oiriúnacht chun Cleachtadh de chuid Chomhairle na nDochtúirí Leighis ar feadh deich mbliana.

Tar éis dó bheith ar Chomhairle an Bharra agus ar feadh ceithre théarma, toghadh é ina Chathaoirleach, agus b’amhlaidh a bhí sé idir 1997 agus 1999. Ó ceapadh é chuig an mbinse in 2004, dhéileáil sé go príomha le hábhair athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

Ceapadh é mar bhall den Chúirt Choiriúil Speisialta in 2009. Óna cheapachán, rinne sé an cinneadh ar líon cásanna ag a raibh gné um chearta an duine, agus chuaigh sé i ngleic le saincheisteanna maidir le cearta iarrthóirí tearmainn, leanaí ónar theastaigh cúram speisialta, caitheamh le príosúnaigh, agus aithreacha neamhphósta.

Ceapadh Menamin ar an gCúirt Uachtarach in 2012.

D’fhoilsigh sé líon páipéar agus bhí sé rannpháirteach i seimineáir, go háirithe i dtaobh dlí teaghlaigh agus dlí leanaí de. Bhí sé i gceannas ar liosta Mionaoiseach na hArd-Chúirte ar feadh trí bliana. Is é ionadaí na hÉireann é ar an CCJE, Comhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha, coiste comhairleach le Comhairle Airí Chomhairle na hEorpa.

Gaeilge cuir in eagar

D’aontaigh Mac Menamin sa bhliain 2011 go bhféadfaidh na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a chur ar siúl le haghaidh orduithe i gcoinne an Aire Sláinte, Éire, an Ard-Aighne agus an Bord Leigheasra na hÉireann ag iarraidh orthu Treoir 2001/83/CE a chur i bhfeidhm. Tomás Mac Ruairí, iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a rinne an t-iarratas a cuireadh i láthair na hArd-Chúirte. Dúirt Mac Ruairí: "Fiú i stáit bheaga mar an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóivéin, atá níos lú ná Éire, ní choisceann sé orthu an Treoir á chur i bhfeidhm go hiomlán ina ndlínsí. Go dtí seo níor chinntigh rialtas na hÉireann go mbeadh na lipéid agus bileoga cógaisíochta i nGaeilge agus i mBéarla anseo, agus ní amháin gur sárú soiléir é seo ar dhlí an Aontais Eorpaigh, ach déanann sé imeallú ar an teanga chomh maith le bheith idirdhealaitheach ar an bpobal arb í an Ghaeilge a chéad rogha mar theanga.".[2]

Pearsanta cuir in eagar

Tá sé pósta le Lia O’Hegarty, a bhíodh ina Comhairleoir Dlí leis an Oireachtas, agus a bhí níos déanaí ina comhairleoir ar shaincheisteanna dlíthiúla agus comhshaoil. Tá leanbh amháin acu.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí". www.supremecourt.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  2. Conradh na Gaeilge (2011). "nuachtlitir 2011". Dáta rochtana: 2021.