Jonas Jonasson
Úrscéalaí agus iriseoir Sualannach atá i Jonas Jonasson, a rugadh ar 6 Iúil 1961 i Växjö i ndeisceart na Sualainne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Iúil 1961 63 bliana d'aois Växjö, An tSualainn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Göteborg |
Áit chónaithe | Gotland Ponte Tresa |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Prós, meáin chumarsáide, léiriú teilifíse agus iriseoireacht |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, léiritheoir teilifíse |
Teangacha | An tSualainnis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | jonasjonasson.com |
|
Rinne sé staidéar ar an Sualainnis agus ar an Spáinnis ag Ollscoil Gothenburg. D'oibrigh Jonasson ina dhiaidh sin mar iriseoir do na páipéir nuachta Smålandsposten in Växjö agus ansin Expressen.
Díoladh breis is 700,000 cóip dá chéad úrscéal (2009), Hundraåringen som klev ut genom fönstret och försvinn, a aistríodh go Béarla mar The 100-year-old man who climbed out the window and disappeared. Coiméide dhubh atá ann ina leantar an príomhcharachtar trí cuid mhaith de mhórtheagmhais an domhain ó Chogadh Cathartha na Spáinne i leith. Tá dhá úrscéal eile scríofa aige ó shin.
Tá Jonasson ina chónaí lena mhac in Hogrän ar oileán Gotland.
Úrscéalta le Jonasson
cuir in eagar- Hundraåringen som klev ut genom fönstret och försvinn ("An duine céad bliana d'aois a d'éalaigh tríd an bhfuinneog agus a d'imigh as radharc"), Piratförlaget, Stockholm 2009. ISBN 978-91-642-0296-3
- Analfabeten som kunde räkna ("An duine nach raibh léamh aici ach a raibh comháireamh aici"), Piratförlaget, Stockholm 2013. ISBN 978-91-642-0396-0.
- Mördar-Anders och hans vänner (samt en och annan ovän) ("Anders dúnmharfóir agus a chairde (in éineacht le roinnt naimhde)"), Piratförlaget, Stockholm 2015. ISBN 978-91-642-0477-6.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- A shuíomh féin. Dáta rochtana: 9 Aibr. 2016 Curtha i gcartlann 2016-03-08 ar an Wayback Machine