Karl Renner
Ba pholaiteoir Ostarach é Karl Renner (14 Nollaig 1870 - 31 Nollaig 1950), a bhí ina scoláire dlí agus polaiteoir. Tugtar 'Athair na Poblachta' air toisc go raibh sé i gceannas ar an chéad rialtas poblachtach san Ostair sa bhliain 1918. Bhí ról cinntitheach aige chomh maith i mbunú an Dara Phoblacht sa bhliain 1945, agus ba é a chéad Uachtarán (tar éis an Cogadh).
Saol
cuir in eagarRugadh Renner in Untertannowitz san Impireacht Ostra-Ungárach (inniu i bPoblacht na Seice).
Céimí de chuid Ollscoil Vín, bhí sé i measc phríomhsmaointeoirí na gluaiseachta Astra-Mharxaí, a raibh ionchur mór aige i socheolaíocht an dlí (comhthéacs ina ndearna sé iarracht an foshuíomh go n-eascraíonn an dlí as gaolta idir aicmí agus neamhspleáchas de shaghas éigin le haghaidh coincheapa agus rialacha dlí a chur le chéile).[1]
Ba é Renner, den chuid ba mhó, a chruthaigh an smaoineamh faoi leith a bhí ag an ngluaiseacht sin, an fhéinriail pearsanta náisiúnta, a mhol go mbainfeadh náisiúin a bhféinriail amach mar eagraíochtaí saorálacha in ionad stáit eagraithe ar bhonn críche.[1]
Bhí Renner ina cheann feadhna ar Pháirtí Oibrithe Daonlathach Sóisialta na hOstaire. Bhí sé ina Sheansailéir faoi dhó (1918-20 agus ar feadh roinnt míonna sa bhliain 1945). Ba é an ceathrú Uachtarán ar an Ostair (ar an iomlán), ó 1945 go dtí go bhfuair sé bás.[1]
Fuair Renner bás i Vín ar 31 Nollaig 1950.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Karl Renner". Dáta rochtana: 2021.