Caoimhín Ó hIfearnáin

imreoir peil Ghaelach
(Athsheolta ó Kevin Heffernan)

Peileadóir agus bainisteoir Éireannach ab ea Caoimhín Ó hIfearnáin (Béarla: Kevin Heffernan, a rugadh ar an 20 Lúnasa 1929 i mBaile Átha Cliath agus a d'éag ar an 25 Eanáir 2013). D'imir sé peil Ghaelach le foireann sinsir idirchontae Bhaile Átha Cliath sna 1940idí agus na 1950idí. Nuair a d'éirigh sé as an imirt, chaith sé tréimhse rathúil ina bhainisteoir ar imreoirí Bhaile Átha Cliath le linn na 1970idí agus na 1980idí. Thugtaí "Heffo's Army" ar fhoireann Bhaile Átha Cliath agus é i gceannas orthu.

Infotaula de personaCaoimhín Ó hIfearnáin
Beathaisnéis
Breith20 Lúnasa 1929
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Eanáir 2013
83 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Iósaif an Fhionnradharc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach
iomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Caoimhín Ó hIfearnáin
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Kevin Heffernan
Dáta breithe 20 Lúnasa, 1929
Dáta báis 25 Eanáir 2013 (83)
Áit bhreithe Baile Átha Cliath
Airde
Leasainm Heffo
Eolas club
Club Naomh Uinsinn
Ionad Tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Naomh Uinsinn
Idirchontae
Contae Baile Áth Cliath
Ionad Tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Baile Áth Cliath 1940idí - 1950idí
Duaiseanna
Craobh Laighean 4
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 1
Sárimreoirí 1

Moltar Heffernan mar dhuine de na peileadóirí agus bainisteoirí is fearr a bhí ann riamh, rud a thuill áit dó ar Fhoireann Pheile na Mílaoise.

Chuir éachtaí Heffo borradh mór nua faoi chúrsaí peile i mBaile Átha Cliath, tráth ina raibh na cluichí iasachta ag fáil an láimh in uachtar sa phríomhchathair.

Bhí dlúthbhaint aige lena chumann áitiúil Naomh Uinseann i Marino. Ghnóthaigh sé cúig bhonn déag sa pheil agus sé bhonn san iomáint ag leibhéal an chontae.

Tagairtí cuir in eagar



Foireann Pheile na Mílaoise (2000)
 

1 Dónal Ó Caoimh | 2 Éanna Ó Callaráin | 3 Seosamh Ó Ceocháin | 4 Seán Ó Flannagáin | 5 Seán Ó Murchú | 6 S. S. Ó Rathaille | 7 Máirtín Ó Conaill | 8 Mícheál Ó Conaill | 9 Tomás Ó Murchú | 10 Pádraig Ó Spealáin | 11 Seán Puirséil | 12 Séan Ó Néill | 13 Caoimhín Ó hIfearnáin | 14 Tomás Ó Langáin | 15 Mícheál Mac Síthigh |