Lá Nua

nuachtán Gaeilge a foilsíodh i mBéal Feirste
(Athsheolta ó Lá (Nuachtán))

Ba nuachtán náisiúnta Gaeilge é (agus níos déanaí Lá Nua) a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Bhíodh sé á fhoilsiú go laethúil, cúig in aghaidh na seachtaine. Ba é an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge[1] agus an chéad nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach ar bith.[2]

Bosca Sonraí NuachtánLá Nua
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Seoladh poistTeach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste
Tréith
Formáid nuachtáintáblóideach

Suíomhnuacht.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, sa bhliain 1981[3] i mBéal Feirste.

Foilsíodh an chéad eagrán de Dé Luain, 13 Lúnasa 1984. Tar éis tamaill, d'athraigh ina nuachtán seachtainiúil.

D'iompaigh sé ina nuachtán laethúil arís ar an 28 Aibreán 2003 a d'fhoilsítí ó Luan go hAoine.[4]

Sa bhliain 2006, d'éirigh le i gcomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán nó foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú.

In Eanáir 2007 athraíodh an t-ainm go Lá Nua.

 
Eoghan Ó Néill in 2024

I mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008, dheimhnigh Bord Foras na Gaeilge nach mbeadh maoiniú nua ar fáil don nuachtán. Foilsíodh an t-eagrán deireanach ar an 19 Nollaig 2008.

I measc na n-eagarthóirí, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Concubhar Ó Liatháin agus faoi dheireadh Dónall Mac Giolla Chóill (Feabhra-Nollaig 2008).

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. RTÉ (1984). "Irish language newspaper first published 1984". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
  2. "Gearóid Ó Cairealláin" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-12-22.
  3. "Preas an phobail." (Irish). catalogue.nli.ie (1981). Dáta rochtana: 2024-12-22.
  4. an Phoblacht (2003). "De Brun praises Lá". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2008.