Arm a úsáideann longa dromchlacha chun fomhuireáin a scriosadh. De réir cineáil, is umar lán d'ábhar pléascach é a chaitear sa bhfarraige ó dheireadh long chogaidh. Bíonn fiús brú-íogair san umar a mhaidhmeann ag doimhneacht ar leith. Ón dara cogadh domhanda, tá foirmeacha in úsáid a chaitear fad éigin chun tosaigh ar an long chogaidh. Ó na 1950idí, tá lánáin núicléacha doimhneachta ag cabhlaigh áirithe, atá in ann pléascadh díobhálach 1 km ar trastomhas a dhéanamh. Úsáidtear diúracán nó eitleán gan phíolóta chun lánán mar seo a lainseáil ag fad réasúnta sábháilte ón long chogaidh.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin airm nó gunna é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.