Cianrás capall ina mbíonn ar chapaill agus mharcaigh léim thar chliatha agus baic eile is ea léimrás. Is minic spuaiceanna eaglaisí nó séipéal ina bpointí tagartha sna rásaí céanna agus as sin a thagann an focal Béarla ar a leithéid de rás, steeplechase.

Léimrás

Thosaigh léimrásaí in Éirinn san 18ú haois agus chuir na Sasanaigh léimrásaí ar siúl ina dtír féin go luath san 19ú haois.

Bíonn léimrásaí ann anois freisin san Astráil, i gCeanada, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe, gan an oiread sin béime go minic ar léim na gcliath.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar