Is gaiscíoch mí-ámharach é Lóegaire Búadach (Laoghaire Buadhach, Laoire Buach) sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na hÉireann. Is mar fhaoiseamh grinn a fheidhmíonn a charachtar de ghnáth. Mar shampla, nuair a bhí sé féin ag coimhlint chun an churadhmhír a fháil ag fleadh Bhricreann, in éineacht le Cú Chulainn agus le Conall Cearnach, ba eisean sa tríú háit i gcónaí agus bhí an bheirt eile i bhfad chun tosaigh air i dtólamh. Bhí cónaí air in Inber Seimne (Latharna, i gContae Aontroma).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLóegaire Búadach
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Tá insint chás Lóegaire ar fad ina oidhe. An t-am a raibh an file Áed le bá i loch in aice theach Lóegaire as los adhaltranais le Mugain, bean Chonchobhair, scairt sé amach ag lorg cúnaimh agus chuaigh Lóegaire de ráig lena tharrtháil. Nuair a léim sé amach ón doras, bhain an fardoras barr a chinn de. Mar sin féin, d’éirigh leis tríocha tréanfhear a mharú agus beatha Áeda a shábháil sular éag sé.