Sonra geodasach,[1] nó pointe tagartha, is ea meánleibhéal na mara[2] nó MLM.[3]

Stair agus réamhaisnéis
Cuireann titim sneachta srl isteach ar leibhéal na mara
Cuireann súnámaithe isteach ar leibhéal na mara ó am go ham. Ar 1 Samhain 1755, maraíodh idir 60,000 agus 100,000 duine i gcrith talún mór na Liospóine agus súnámaí a tháinig ina dhiaidh.

Míniú cuir in eagar

Is í Seirbhís Mhuirí Copernicus[4] a sholáthraíonn an treocht réigiúnach i meánleibhéal domhanda na mara (is in milliméadair in aghaidh na bliana a thomhaistear é). Tá leibhéal na mara ag ardú de thoradh théamh an aigéin agus chailleadh na mórchríoch oighir. Forbraíonn uisce nuair a dhéantar é a théamh agus is féidir thart ar 30% den ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara inniu a chur i leith na forbartha teirmí sin amháin.[5]

Ní ardaíonn leibhéil na mara go cothrom agus mar sin tá bagairt níos mó ann do réigiúin áirithe thar réigiúin eile. Tá leibhéal na mara ag ardú i gcás fhormhór mór aigéin an domhain ach tá éagsúlacht mhórscála ann le réigiúin amhail an tAigéan Ciúin iartharach trópaiceach a bhaineann aimplitiúidí suas le +8mm in aghaidh na bliana amach. Sa limistéar sin, is de thoradh forbartha teirmí go príomha iad na treochtaí réigiúnacha.

Tá an neamhchinnteacht a bhaineann le treochtaí réigiúnacha i leibhéal na mara thart ar 2‑3mm in aghaidh na bliana agus luachanna chomh híseal le 0.5mm in aghaidh na bliana nó chomh hard le 5.0mm in aghaidh na bliana ag brath ar an réigiún.[5] Ní hionann athruithe eostacha agus athruithe taobh istigh de réigiún teoranta mar thoradh ar ghluaisní an Domhain (mar shampla, athrú leibhéil sa Mhuir Aeigéach).[6]

Sonraí cuir in eagar

Tá sonraí leibhéal na farraige ó íomhánna satailíte ar fáil ó Copernicus i bhfoirm sonraí greille laethúla ar leibhéal na farraige. Soláthraítear leis na sonraí sin, lena gclúdaítear an tréimhse ó 1993 go dtí an lá atá inniu ann, meastacháin dhomhanda ghreille laethúla ar aimhrialtacht leibhéal na farraige bunaithe ar thomhais airdemhéadrachta satailíte, agus aimhrialtacht leibhéal na farraige á shainmhíniú mar airde an uisce thar mheán-dhromchla na farraige in am agus réigiún ar leith.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Vertical datum" (as en) (2023-07-17). Wikipedia. 
  2. nó meánleibhéal mara
  3. i mBéarla, mean sea level nó MSL
  4. "Sea level | Copernicus" (en). climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.
  5. 5.0 5.1 Seirbhís Mhuirí Copernicus (2023). "Atlas Eorpach na bhFarraigí" (ga-IE). ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.
  6. Hussey, Matt (2011). "Eostatacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
  7. Oifig na nOibreacha Poiblí. "Tuairisc an Ghrúpa Idir-Rannach ar Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht Athraithe Cósta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-12. Dáta rochtana: 2024.