Liam Budhlaeir
craoltóir agus iriseoir Éireannach
Iriseoir agus láithreoir raidió ab ea Liam Budhlaeir (28 Meán Fómhair 1923 - 10 Meitheamh 1995).[1] Rugadh i gCathair Chorcaí ach tógadh i mBaile an Fheirtéaraigh é. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir agus léitheoir nuachta i Radio Éireann sna 1950idí, agus chaith sé an chuid eile dá shaol oibre i Seomra na Nuachta. Bhí sé freisin ina thráchtaire ar roinnt scannán Gaeilge, an scannán clúiteach Mise Éire ina measc.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Meán Fómhair 1923 Corcaigh, Éire ![]() |
Bás | 10 Meitheamh 1995 71 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, múinteoir, craoltóir ![]() |
Fostóir | Gael Linn Raidió Teilifís Éireann An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BUDHLAEIR, Liam (1923–1995) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.