Is éard atá i gceist le litríocht na Peirsise (as Peirsis: ادبیات فارسی) ná iomlán na saothar litríochta atá scríte i bPeirsis. Dar le daoine áirithe, d’fhéadfaí saothair atá scríte i dteangacha eile de chuid mhuintir na Peirse a chur san áireamh leis (saothair Ghréigise agus Araibise, mar shampla).

Teanga Ind-Eorpach is ea an Pheirsis. De ghnáth, scríobhtar leis an aibítir Pheirseach-Arabach í, aibítir atá bunaithe ar an aibítir Arabach.

Kelileh va Demneh, lámhscríbhinn Pheirseach ar cumadh sa mbliain 1429 i gcathair Herat í. Is éard a chítear san íomhá ná seacál atá ag iarraidh éalú ó leon.

Téann litríocht na Peirsise siar go dtí an bhliain 650 RC, nuair a scríobhadh na clochscríbhinní is ársa atá fágtha de chuid na n-Aicéméinídeach. Is sa tSean- agus sa Mheán-Pheirsis a scríobhadh na clochscríbhinní sin. Ón mbliain 650 AD ar aghaidh a thosnaíonn litríocht na Peirsise i gceart, áfach, thart ar an dtréimhse nuair a tháinig Ioslam go dtí an Iaráin agus a chuir na hIoslamaigh an tír agus a muintir fé smacht. Tar éis dosna hAbasaigh teacht i gcumhacht, rud a tharla thart ar an mbliain 750 AD, is de bhunadh na Peirse a bhíodh móramh scríobhaithe agus mhaorlathaithe Impireacht Ioslam, chomh maith le móramh scríbhneoirí agus fhilí na hImpireachta leis.

Scríobhadh muintir na Peirse i bPeirsis agus in Araibis, ach bhíodh an lámh in uachtar ag an bPeirsis i measc lucht na litríochta.

Tá áit ar leith ag filíocht na Peirsise i litríocht an domhain. Traidisiún filíochta rí-shaibhir atá inti, traidisiúin a chlúdaíonn an fhilíocht eipiciúil, an fhilíocht staire, an fhilíocht fhealsúnachta, filíocht an ghrá agus filíocht an mhisteachais.

Tá ardchlú ar mhórfhilí na Peirse – leithéidí Saadi, Hafez agus Rumi –, filí go bhfuil saothair dá chuid aistrithe ar fud an domhain agus a d’imir tionchar nach beag ar litríocht go leor tíortha eile. Níl an aithne idirnáisiúnta chéanna ar scríbhneoirí comhaimseartha na Peirsise, scríbhneoirí cosúil le Hedayat, Chariati, Fereydoun Moshiri agus Forough Farrokhzad.