Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Rumi, nó Jalāl ad-Dīn Muhammad Rūmī (30 Meán Fómhair 1207 - 17 Nollaig 1273) mar fhile agus mar dhiagaire de chuid Ioslam. Bhí Rumi (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na bhfilí is tábhachtaí i stair litríochta de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba fhealsamh agus mhisteach Súfaíoch é chomh maith. D'fhág Rumi a rian ar dhaoine a sháraíonn na teorainneacha idir reiligiúin agus cultúir.[1]

Infotaula de personaMawla (en) Aistrigh
Rumi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fa) جلال‌الدین مُحمَّد بلخی
Beathaisnéis
Breith30 Meán Fómhair 1207 (Féilire Ghréagóra)
Vakhsh (Khwarezmian Empire)
Bás17 Nollaig 1273 (Féilire Ghréagóra)
66 bliana d'aois
Konya (Sultanate of Rum)
Áit adhlacthaMevlâna Museum (en) Aistrigh
Yeşil Türbe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tIoslam agus Sufaisteachas
Teanga dhúchaisan Pheirsis
Gníomhaíocht
Réimse oibreIslamic philosophy (en) Aistrigh agus Sufaisteachas
Gairmfile, fealsamh, misteach, duine léannta, ulema, scríbhneoir, diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidBaha ud-Din Walad agus Burhanuddin Tirmizi (en) Aistrigh
Mac/iníon léinnPervâne agus Husam al-Din Chalabi (en) Aistrigh
Faoi thionchar
Ainm cleiteخاموش Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Pheirsis, an Araibis, Sean-Tuircis na hAnatóile agus Gréigis na Meánaoise
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileGawhar Khatun Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSultan Walad Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBaha ud-Din Walad

Musicbrainz: 6ccbf2fe-c59d-46d8-8be4-756fdc9ff90c Songkick: 483846 Discogs: 945714 IMSLP: Category:Rūmī,_Jalāl_ad-Dīn_Muhammad Cuir in eagar ar Wikidata
Rumi
Jalal al-Din Rumi,agus a chara óg, Hussam al-Din Chelebi

Tugtar an t-ainm "Mevlana" ("Máistir") ar Rumi freisin.

Saol cuir in eagar

Rugadh Rumi sa bhliain 1207 i mBalkh, Khorasan, ar a dtugtar an Afganastáin sa lá atá inniu ann.

 
"Bowl of Reflections"le filíocht Rumi.... 13ú haois a deirtear ǃ

Bhí an-mheas ar Rumi mar scoláire ar an dlí Ioslamach (de chuid na gluaiseachta Hanafi, atá i measc na gceithre traidisiún dlí atá ag na Sunnaígh), mar a bhí a athair Bahā ud-Dīn Walad (timpeall 1150-1231) roimhe.[2]

Bhuail Rumi leis an misteach Shams-e Tabrizi sa bhliain 1244, an toisc chinntitheach ina shaol iomlán. dúirt Shams le Rumi go raibh duine ar bith a bheith ábalta labhairt go díreach le Dia.

Bhí Rumi ansin i gceannas ar Madrasa[3] i Konya[4] (sa Tuirc inniu). Bhí sé ina shaineolaí ar an Sharia (dlí Ioslamach).

Chreid Rumi go paiseanta i dtaca le húsáid an cheoil, filíochta agus damhsa, mar cosán chun teacht go Dia. Ní dócha gur cheap Rumi féin gur tháinig na gnéithe éagsúla dá shaol salach ar a chéile; ina ionad sin, is é an chiall a bhainfeadh sé astu ná go raibh gnéithe éagsúla de chreideamh an ghrá i gceist.

 

Tionchar cuir in eagar

D'éag Rumi sa bhliain 1273 (6 Jumada al-Thani, 672AH) i Konya (sa Tuirc faoi láthair), Tá tuama Rumi suite i Konya.

I ndiaidh a bháis, chuir a lucht leanúna an tOrd Mevlevi ar bun (tugtar na "Deirbhísigh Ghuairneánacha" orthu go coitianta.

Rumi as Gaeilge cuir in eagar

D'fhoilsigh Gabriel Rosenstock "Guthanna Beannaithe an Domhain" Iml 1, 2, agus a 3, Cnuasach filíochta ó cheithre hairde na cruinne, Rumi ina measc.[5][6][7]

Tá suim ar leith ag Gearóid Mac Lochlainn i Rumi.[8] Sa bhliain 2006 bhí sé ag ullmhú aistriúchán ar fhilíocht an fhile Dervish, a gcluineann Gearóid a macallaí i Meánoirthear an lae inniu. Tá ceangal ag filíocht Ghearóid le saothar Rumi. Tá an spioradáltacht, an ceol agus an damhsa, fite fuaite i bhfilíocht na beirte.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Prof. Dr. ErkanTurkmen, The Essence of Rumi's Masnevi, Including his life and works. ISBN 975-95630-0-2. Revised and corrected edition: October 2004. Eris Booksellers, Hamidiye Mah. Abdulezelpasa Cad. No. 3/A. Selcuklu. Konya, Turkiye.
  1. Scoil Dlí, COBÁ¢. "Rumi" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  2. rud ar tharraing William Dalrymple aird air agus é ag scríobh sa Guardian sa bhliain 2005 (2005-11-05). "William Dalrymple: What goes round... Rumi" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  3. "Madrasa" (as en) (2020-12-09). Wikipedia. 
  4. "Konya" (as en) (2020-12-14). Wikipedia. 
  5. Gabriel Rosenstock (2012). "Guthanna beannaithe 3" (ga). Issuu. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  6. "Guthanna Beannaithe an Domhain Gabriel Rosenstock". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  7. "Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 3" (en-GB). Litríocht (2012-05-29). Dáta rochtana: 2020-12-17.
  8. Róisín Armstrong. "Gearóid Mac Lochlainn" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  9. "Criss-Cross Mo Chara | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2020-12-17.