Súfaíochas
Is éard atá i gceist leis an Súfaíochas nó Taṣawwuf (Araibis: التصوف), ná gné mhistiúil den Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Moslamach san ochtú haois.
![]() (2014) ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gluaiseacht reiligiúnach ![]() |
Foirm dlí | |
Bunaitheoir(í) | Mahamad ![]() |
Gníomhaíocht | |
Faoi thionchar | |

Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).
SmaointeachasCuir in Eagar
Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.
Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."
Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".
LitríochtCuir in Eagar
Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga an Ioslaim bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.
An Súfaíochas inniuCuir in Eagar
Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |