Al-Ghazali
Scoláire Ioslamach ab ea Al-Ghazali (R-A: /ælˈɡɑːzɑːli/, SAM: /ˌælɡəˈzɑːli, -zæl-/; ainm agus sloinne iomlán أَبُو حَامِدٍ مُحَمَّدُ بْنُ مُحَمَّدٍ ٱلطُّوسِيُّ ٱلْغَزَالِيُّ or ٱلْغَزَّالِيُّ, Abū Ḥāmid Muḥammad ibn Muḥammad aṭ-Ṭūsiyy al-Ġaz(z)ālīy; nó Algazelus nó Algazel; timpeall 1058 – 19 Nollaig 1111).
Al-Ghazali | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Tus, 1058 |
Náisiúntacht | Impireacht Sheilsiúic |
Áit chónaithe | Nishapur Bagdad An Damaisc Iarúsailéim |
Bás | Tus, 19 Nollaig 1111, 1111 |
Áit adhlactha | Mashhad |
Muintir | |
Siblíní | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | An Pheirsis An Araibis |
Múinteoirí | Al-Juwayni (en) ![]() Al-Faramidhi (en) ![]() |
Mic léinn | Abu Bakr ibn al-Arabi |
Gairm | |
Gairm | fealsamh, mutakallim (en) ![]() |
Áit oibre | An tSiria |
Fostóirí | Al-Nizamiyya Bhagdad |
Saothar iomráiteach | The Alchemy of Happiness (en) ![]() The Incoherence of the Philosophers (en) ![]() The Revival of the Religious Sciences (en) ![]() |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An tIoslam Sunnaíoch Sufaisteachas Ash'ari (en) ![]() |
Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar al-Ghazali mar fhealsúnaí, scoláire agus mar dhiagaire nó Mujaddid.[1] Bhí Al-Ghazali (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na dlíodóirí is tábhachtaí chomh maith i stair de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba mhisteach Súfaíoch é chomh maith, cosúil le Rumi.

SaolCuir in Eagar
Rugadh al-Ghazālī i Tus sa Pheirs (an Iaráin inniu).
Meastar go forleathan gurb é al-Ghazali an smaointeoir Ioslamach is údarásaí sa 12ú haois agus níos déanaí.[2]
Diagaire, fealsamh agus misteach, is fear aithne air as an ionsaí a rinne sé (go mór mór i 'Neamhréireacht na bhFealsúna') ar an úsáid a bhí á baint as fealsúnacht ársa na Gréige chun an diagacht Ioslamach a léiriú.
Is aithne ar al-Ghazali chomh maith as an iarracht a rinne sé chun an creideamh príomhshrutha agus an Súfaíochas a thabhairt le chéile.[2]
Ina theannta sin, bhí al-Ghazali ina scoláire ar an dlí Ioslamach. Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Shafi'i,
Sa bhliain 1111 (Jumada Al-Thani 15, 505AH) a d'éag an scoláire, in aois 53 dó.
FealsúnachtCuir in Eagar
Ní féidir a shéanadh go raibh misean al Ghazali aspalda, geall leis, ar nós mhisean Kant na Gearmáine san ochtú haois déag. Ach tá difríocht shuntasach amháin, áfach, idir al-Ghazali agus Kant, a scríobh Gabriel Rosenstock. Nuair nár aimsigh al Ghazali dóchas ar bith sa smaointeoireacht anailíseach, tharraing sé an taithí mhisteach chuige féin agus fuair ábhar neamhspleách do reiligiún inti.[3] "Fiú má chuaigh al Ghazali ábhairín rófhada leis an sceipteachas fealsúnach, is é an t-éacht céanna a dhein sé i ndomhan Ioslam nuair a bhain sé an bonn den réasúnachas uaibhreach, ach tanaí, a bhí ag dul sa treo céanna is a chuaigh an réasúnachas sa Ghearmáin roimh Kant."
An réabhlóid sin, cuid mhaith, agus a stair phearsanta féin a thug ar al Ghazali reiligiún a bhunú ar sceipteachas fealsúnach — bonn neamhshábháilte le haghaidh reiligiúin agus bonn nach bhfuil ag teacht go hiomlán le spiorad an Córáin.
TioncharCuir in Eagar
Is mór an tionchar atá fós ag tuairimí al Ghazal ar go leor ábhar. Níltear ar aon intinn ar chuidigh an tionchar atá aige fós le bac a chur ar an Ioslam déileáil mar is cuí le saol na haimsire seo agus leis an bpáirt atá ag na heolaíochtaí ann.[2]
SaotharCuir in Eagar
- Bunús an tSonais[4] (nó Ailceimic an tSonais)
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Mujaddid" (as en) (2022-11-28). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Al-Ghazali" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2020-12-19.
- ↑ Gabriel Rosenstock (Feabhra 2009). "Léargas ar Ioslam" Feasta (62 (2), lch 23-25).
- ↑ "The Alchemy of Happiness" (as en) (2022-11-30). Wikipedia.