Loch Coirib
Tá Loch Coirib[1] (nó An Choirib) ar cheann de mhór-locha na hÉireann, agus é suite in iarthar na tíre. Tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn (Abhainn na Gaillimhe) ghairid a cheanglaíonn an loch le cathair na Gaillimhe agus Cuan na Gaillimhe. Is iondúil báid aeraíochta ar an loch freisin i rith an tsamhraidh.
(ga) Loch Coirib | ||||
Cineál | Loch agus Limistéar Caomhantais Speisialta | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1166343 | |||
Suíomh | ||||
Tír abhantraí | Éire | |||
Limistéar riaracháin | Gaillimh, Éire | |||
| ||||
Craobh-abhainn | ||||
Eisilteach | Abhainn na Gaillimhe | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 6 m | |||
Doimhneacht ingearach | 10 m | |||
Toisí | 42 () km | |||
Achar | 176 km² | |||
Limistéar faoi chosaint Natura 2000 | ||||
Aitheantóir | IE0004042 | |||
Bhíodh an t-ainm Loch (n)Oirbsen ar an loch sa sean-am, de réir leabhair Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, ó 1684, agus is as sin a tháinig an ainm Loch Coirib, ó bhrú na litreacha le chéile. Ba ainm a bhí ar Mhanannán mac Lír é Oirbse nó Oirbsiu. Ní úsáidtear an ainm Loch Oirbsen anois i nGaeilge ná i mBéarla le tagairt don loch.
Oileáin
cuir in eagarTá go leor oileán sa loch, níos mó ná 1000 san áireamh.[2] I measc na n-oileán mór tá Inis an Ghaill Crabhthigh, ar a bhfuil mainistir ársa, agus Caisleán na Circe.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Loch Coirib/Lough Corrib | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "New Lough Corrib GPS Charts". www.anglingcharts.com. Dáta rochtana: 2021-08-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |