Lola Pagnani

ban-aisteoir Iodálach

Ban-aisteoir Iodálach is ea Lola Pagnani. Rugadh ar an 3 Aibreán, 1972 í.

Infotaula de personaLola Pagnani
Beathaisnéis
Breith3 Aibreán 1972
52 bliana d'aois
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmainicín, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, damhsóir bailé Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1989 –
TeangachaAn Iodáilis

Suíomh gréasáinlolapagnani.it
IMDB: nm0656514 Allocine: 34924 Allmovie: p240796 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Tugadh an t-ainm Anna Lola Pagnani Stavros di ag am a breithe. Is iníon Enzo Pagnani, an scriptscríbhneoir scannán, í. Bhain sí céim amach i bPáras sa damhsa comhaimseartha agus í 17 mbliana d'aois. Bhí sí ina damhsóir do Momix ag an Turas Domhain, agus chomhoibrigh sí le cóiréagrafaíocht Cirque du Soleil i Montréal. Ba príomhdhamhsóir í ag an an Áras Ceoldrámaíochta i Munich faoi stiúrthóireacht Lina Wertmuller, agus Giuseppe Sinopoli an stiúrthóir ceolta. Níos déanaí, ba chéimí í i ndamhsa comhaimseartha ag Alvin Ailey American Dance Theater i Nua-Eabhrac. Rinne sí staidéir ar aisteoireacht ag an HB Studio, i Nua-Eabhrac freisin, sula ndeachaigh sí ar ais go dtí an Iodáil.

San Iodáil d'oibrigh sí le daoine iomráiteacha na dtionscadal scannán agus téatar, mar shampla Ettore Scola, Giulio Base, Lina Wertmuller, Spike Lee, John Turturro, agus Abel Ferrara. Thacaigh sí le Lavazza le Tullio Solenghi agus Riccardo Garrone agus chaith sí dhá bhliain ag obair ar an seó cainte Maurizio Costanzo. Tugadh cuireadh di obair le Enrico Montesano, Marco Columbro, Barbara De Rossi, Blas Roca Rey, Enrico Brignano, Nino Manfredi, Vittorio Gassman agus Shelley Winters, a chabraigh léi chun staidéir a dhéanamh go príobháideach i Los Angeles.

Chomhoibrigh sí freisin le Rai International i Nua-Eabhrac ar chúpla clár agus bhí sí ina hóstach do PoP Italia. D'oibrigh sí don iris Associazione Via Condotti.

Le déanaí, shocraigh sí chun clár faisnéise a dhéanamh le stiúrthóir agus léiritheoir Meiriceánach Melissa Balin, ós rud é gurbh íospartach í den Mhaifia. Women Seeking Justice (Mná ag Cuardú Cirt) is ainm don tionscadal.

Béarla, Fraincis, Spáinnis, agus Iodáilis líofa aici.

Saothair cuir in eagar

Scannáin cuir in eagar

Teilifís cuir in eagar

Dráma cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar