Longbhriseadh an Mexico agus Tubaiste Bhád Tarrthála Fhiodh Ard

Briseadh scúnar Ioruach, an Mexico, ar charraigeacha Oileán na gCaorach Beag amach ó chósta theas Chontae Loch Garman le linn stoirme ar an 20 Feabhra 1914. Chuir bád tarrthála Fhiodh Ard chun farraige chun fóirithint ar chriú na loinge ach briseadh an bád tarrthála freisin agus bádh naonúr d’fhoireann an bháid sin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLongbhriseadh an Mexico agus Tubaiste Bhád Tarrthála Fhiodh Ard
Íomhá
Cineállongbhriseadh
ship grounding (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Samhain 1913 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBanú, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaIsla del Carmen, Meicsiceo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna9 Cuir in eagar ar Wikidata


Criú, The Mexico, 24 Feabhra 1914

D’éirigh leis an gcúigear eile den fhoireann an t-oileán beag sceirdiúil a shroicheadh slán agus bhí siad i dteannta ansin, in éineacht le criú an Mexico, ar feadh trí lá, in ainneoin roinnt iarrachtaí iad a tharrtháil. D’éirigh le lucht bhád tarrthála Loch Garman na fir a thabhairt slán ón oileán beag i ndeireadh báire, le gníomh gaile a bhfuil iomrá fós air.

Dúnadh an stáisiún sa bhliain 1914

Long trí sheolchrann a bhí sa Mexico ó chalafort Frederikshald na hIorua. Ar an 4 Samhain 1913, d’fhág sí Isla Del Carman ar chósta thiar Mheicsiceo agus lastas ar bord aici d’adhmad mahagaine agus céadair.

Bhí a triail ar Learpholl Shasana agus bhí deichniúr ar bord: an captaen, Ole Edvin Erickensen, agus criú de naonúr eile. Rinneadh roinnt damáiste don long le linn an aistir fhada farraige agus b’éigean í a thabhairt i dtír sna hAsóir chun í a dheisiú. De dheascadh na moille sin, ní raibh sí ag tarraingt ar Cheann an Chairn go dtí lár mhí Feabhra 2014.

 
Bá ag Banú

Dé hAoine an 20 Feabhra, tháinig stoirm mhór fhíochmhar uirthi amach ó chósta theas Loch Garman agus seoladh isteach í idir leithinis Rinn an Duáin agus na Saillte. Ar a trí an chlog an tráthnóna sin, tháinig sí i dtalamh ar sceird, tuairim agus naoi méadar ó Oileán na gCaorach Beag, oileáinín lom sceirdiúil atá suite míle amach ó Chuan Bhanú. D’ísligh siad bád tarrthála na loinge san fharraige agus beirt fhearr inti ach scuabadh ón long í sin ar an toirt agus níorbh fhéidir leis an mbeirt a bhí sa bhád í a chasadh ar ais chun na loinge i gcomhair a gcomrádaithe. Tháinig an bád agus an bheirt fhear i dtír ag Banú.

 

An Helen Blake, bád tarrthála Fhiodh Ard

cuir in eagar

Thug an Garda Cósta ag Banú faoi deara an long a bheith i dtrioblóid sular bhuail sí an sceird agus chuir siad scéala siar chuig lucht an bháid tarrthála i bhFiodh Ard ionas go mbeidís faoi réir. Tamall gairid roimh a ceathair a chlog, cuireadh an Helen Blake, bád tarrthála Fhiodh Ard, i bhfarraige agus foireann de cheithre fhear déag inti. Nuair a bhí an Helen Blake ag druidim leis an Mexico, bhuail maidhm mhór í, iompaíodh í agus rinneadh smionagair di ar na carraigeacha. Bádh naonúr d’fhoireann an bháid tarrthála.

D’éirigh le criú an Mexico fear amháin díobh a tharraingt aníos ar bord na loinge briste agus d’éirigh leis an gceathrar eile an t-oileán a shroicheadh slán i ndeireadh báire ach ar éigean. Níor thúisce ar an oileán iad ná gur caitheadh téad ón long bhriste chucu, agus tharraing siad tríd an sáile chun an oileáin an t-ochtar de chriú na loinge a bhí inti fós agus an duine dá gcomhardaithe féin a bhí sábháilte ag an gcriú.

Briseadh an soitheach óna chéile ina dhiaidh sin. D’fhág sin trí dhuine dhéag sáinnithe ar an gcreig bheag sin faoin bhfuacht agus faoin drochaimsir. Bhíothas in ann a fheiceáil ón mórthír go raibh go raibh fir ar an oileán ach ní bhfuarthas tásc ar an tubaiste a bhí tar éis titim amach gur tháinig cuid de choirp na bhfear i dtír ar an gcladach lámh le Baile Madair agus Baile Cuilinn. Ba mhillteanach an briseadh é do phobal beag iascaireachta Fhiodh Ard.

Bhí naonúr dá gcomharsana agus dá ngaolta caillte d’aon bhuille amháin. Ba as comharsanacht Fhiodh Ard féin an naonúr fear a bádh: Christopher Bird (An Liagóir), William Bird, Thomas Handrick (An Fear Tosaigh). James Morrissey, Michael Handrick, Patrick Butler, William Banville, Patrick Roche agus Patrick Cullen.

 
Oileáin na gCaorach[1]

Sáinnithe ar an oileán

cuir in eagar

Rinne báid tarrthála na Cille Móire, Dhún Mór agus Loch Garman iarrachtaí fóirithint a dhéanamh ar na fir ar an oileán an tráthnóna sin agus arís an lá arna mhárach. Tráthnóna Dé Sathairn, áfach, chuaigh an aimsir in olcas go mór agus ón uair sin go dtí maidin De Luain (23 Feabhra), níorbh fhéidir dul in aghaidh na síne ná aon rud a dhéanamh le teacht i gcabhair ar na trí fhear déag a chaith trí oíche scáfara ar an gcreig rite faoin bhfuacht gan foscadh ar bith ón ngála, ón gcasairneach ná cáitheadh na farraige. Ní raibh le hithe acu ar feadh an ama sin ach dhá channa feola agus roinnt bairneach a phioc siad ó na carraigeacha, ná le hól acu ach roinnt bheag branda agus leathphionta fíona a sciob siad leo ó raic na loinge. Ar an 21 Feabhra, bhásaigh duine de chriú na loinge, Antonio Live, fear ón bPortaingéil ó dhúchas. An Tarrtháil

 
ó Bhaile Chuilinn[2]
 
Haakon VII, rí Iorua, 1913
 
Helen Blake, RNLI Historic Lifeboats in Chatham, Kent[3]

Go moch maidin Dé Luain (an 23 Feabhra), bhí an gála maolaithe a dhóthain chun cur ar chumas bhád tarrthála Dhún Mór cur chun farraige an athuair. D’éirigh leo téad a theilgean chomh fada leis an oileán le roicéad agus thriail siad báidín a chur anonn leis an téad sin. Briseadh an báidín ar na gcarraigeacha, ach, mar sin féin, d’éirigh leo beirt d’fhoireann an Helen Blake a thabhairt anall trína dtarraingt tríd an bhfarraige leis an téad agus baoi tarrthála. D’fhág sin deichniúr beo ar an oileáinín go fóill.

Timpeall 7:30 an mhaidin sin, tháinig bád tarrthála Loch Garman ar an láthair agus punta beag láidir aici a bhí ní b’oiriúnaí don obair. Ghlac beirt fhear den fhoireann, James Wickham agus William Duggan, an cúram fíorchontúirteach orthu féin an punta a stiúradh chomh fada leis an oileán agus na fir a bhí sáinnithe ann a thabhairt slán. Sé cinn de thurais a rinne siad anonn agus anall agus an fir á dtógáil acu ina mbeirteanna ón oileán. Ar an dara turas, briseadh poll i dtóin an phunta bhig. Sháigh siad builín aráin sa pholl agus lean siad orthu go dtí go raibh gach duine díobh tógtha slán acu ón oileán.

I ndiaidh na Tarrthála

cuir in eagar

Cuireadh triúr an Helen Blake i dtír ag Fiodh Ard ar dtús agus ansin tugadh seachtar an Mexico go cé Phort Láirge mar a raibh na mílte bailithe ann chun na múrtha fáilte a chur rompu agus roimh laochra gaisciúla bhád tarrthála Loch Garman. Tharraing an tragóid agus an tarrtháil dána aird an domhain mhóir.

Bhí Rí agus Banríon na hIorua i measc na ndaoine ó chéin is cóngar a chuir síntiús do chiste a cuireadh ar bun chun teacht i gcabhair ar bhaintreacha agus dílleachtaí na bhfear ó Fhiodh Ard a bádh sa tragóid. D’imigh cuid de na síntiúis ar strae chuig Fiodh Ard i gContae Thiobraid Árann agus is mar gheall air sin a tugadh Fethard-on-Sea ar an sráidbhaile iascaireachta i gContae Loch Garman den chéad uair.

Bhronn Rí na hIorua gradam speisialta ar na laochra James Wickham agus William Duggan mar chomhartha buíochais ó mhuintir na hIorua agus bhronn Cumann Lúthchleas Gael boinn óir ar an mbeirt. Ba é sin an t-aon uair i stair an Chumainn ar bronnadh bonn óir ar aon duine as aon ní a dhéanamh nár bhain le páirc an imeartha.

Comóradh an heachtraí seo i roinnt amhrán a cumadh go háitiúil agus atá ar marthain fós i mbéaloideas an Chontae:

There was a deed of special daring, of courage brave and bold,

Performed by two of the Wexford crew; their names I will unfold:

Bill Duggan and Jim Wickham, in a small boat they did go,

And rescued the crew while the wild waves flew around the Mexico.''

  • Ranson, J. (1975). Songs of the Wexford Cost. Loch Garman: John English and Co., Ltd.
  • Roche, R. (1993). Tales of the Wexford Coast. Inis Córthaidh: Duffry Press.
  • Ryan, L. (2010). The Awful Tragedy of the Helen Blake Lifeboat, Fethard, Co.Wexford 1914. Fiodh Ard.
  • Fethard Lifeboat Disaster: a Tale of Bravery and Sadness. Ar fáil anseo Curtha i gcartlann 2017-12-03 ar an Wayback Machine[4]
  1. "Oileáin na gCaorach/Keeragh Islands" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-22.
  2. "Baile Chuilinn/Cullenstown" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-22.
  3. rnli.org. "Historic Lifeboat Collection". Dáta rochtana: 2019.
  4. Teaghlach O’Rourke (2009). "FETHERD LIFEBOAT DISASTER". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-03. Dáta rochtana: 2019.