Louis Riel
Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada. Bhí sé ina cheannaire ar na Métis,[1] pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó.[2][3]
Louis Riel | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Márta 9, 1870 - Meitheamh 24, 1870 | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe |
Saint Boniface (en) ![]() | ||||
Náisiúntacht |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Ceanada | ||||
Grúpa eitneach |
Métis (en) ![]() | ||||
Bás | Regina, Saskatchewan, 16 Samhain 1885, 1885 | ||||
Áit adhlactha |
Saint Boniface Cathedral (en) ![]() | ||||
Cúis bháis | pionós an bháis (crochadh) | ||||
Muintir | |||||
Athair | Louis Riel, Sr. | ||||
Siblíní |
liosta iomláin
| ||||
Teaghlach |
liosta iomláin
| ||||
Oideachas | |||||
Teangacha |
An Béarla An Fhraincis | ||||
Gairm | |||||
Gairm | polaiteoir | ||||
Áit oibre |
Ottawa agus Red River Colony (en) ![]() | ||||
Creideamh | |||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||
Páirtithe polaitíochta | polaiteoir neamhspleách | ||||
![]() |
D'eagraigh Riel gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre. Tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869, chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba.
Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.
Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail. Bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tir go ceann i bhfad.
BásúCuir in Eagar
Crochadh Riel i bpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886. 'Gach aon ní a bhí déanta le blianta fada chun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir an dá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ó mhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘[3]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Métis" (in en) (2021-11-06). Wikipedia.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (24 Feabhra 2015). "Stádas na Fraincise á throid i gCúirt Uachtarach Cheanada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-16.
- ↑ 3.0 3.1 Seán Ua Cearnaigh. (Feasta 66 (9), 12.). "Quebéc, Louis Riel agus an ceangal Éireannach.". Dáta rochtana: 2021.